Taighde

 

D’fhéadfaí a rá faoi gach iniúchadh seandálaíochta gur cineál taighde é ach, in éineacht le na hoibreacha seandálaíochta atá bunaithe ar chomhlíonadh a dhéantar ar scéimeanna bóithre náisiúnta agus iarnróid éadroim.

Tionscadal Maoinithe Le Leacht: Bunaíodh Tionscadal Taighde Bhaile Sheanaidh,in 2006 i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Dhún na nGall, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste agus Institiúid Teicneolaíochta Shligigh. Trí raon anailísí eolaíocha a chur i bhfeidhm, tá sé mar aidhm ag an tionscadal seo a oiread agus is féidir a fhoghlaim faoi dhaonra ceann de na reiligí meánaoiseacha is mó a tochlaíodh riamh in Éirinn tar éis dó a bheith aimsithe i mBéal Átha Seanaidh, Co. Dhún na nGall, ar Sheachbhóthar Bhun Dobhráin - Béal Átha Seanaidh ar an N15. . Foilsíodh leabhar nua i mí na Nollag 2015 – The Science of a Lost Medieval Gaelic Graveyard – ina dtugtar torthaí an taighde seo.

Cúnamh Taighde

Cabhraíonn TII go rialta le taighdeoirí trí thuarascálacha, iomhánna agus sonraí eile (e.g. LiDAR) a chur ar fáil. Déan teagmháil le Michael Stanley (Michael.Stanley@tii.ie)

Tionscadal Taighde Bhaile Sheanaidh

Ballyhana

I ndeireadh na bliana 2003, rinneadh tochailt seandálaíochta in aice le Béal Átha Seanaidh, Co. Dhún na nGall agus nochtadh reilig shuntasach mheánaoiseach ina raibh os cionn 1,000 uaigh agus iarsmaí Eaglais Baile Sheanaidh. Mar thoradh ar an bhfionnachtain seo, a rinneadh le linn obair tógála bóthair, bunaíodh Tionscadal Taighde Bhaile Sheanaidh in 2006, comhoibriú idir Ollscoil na Banríona, Béal Feirste (QUB) agus an Institiúid Teicneolaíochta, Sligeach (ITS), arna mhaoiniú ag an Údarás um Bóithre Náisiúnta.

Díríonn an taighde ar anailís oisté-eolaíoch, phailéapaiteolaíochta agus phailéachothaithe ar na cnámhiarsmaí chun staidéar a dhéanamh ar shláinte, stíl mhaireachtála, agus aistí bia an daonra mheánaoisigh. I measc na bpríomhphearsana tá an Dr Eileen Murphy agus Catriona McKenzie ó QUB, a rinne anailís ar chnámharlaigh daoine fásta agus leanaí, agus taighdeoirí cosúil le Tasneem Bashir agus Sheila Tierney as ITS, a scrúdaigh an pailéa-aiste bia agus a rinne iarracht DNA ársa a bhaint amach, faoi seach.

Tugadh achoimre ar na torthaí i bhfoilseachán ó 2015 dar teideal The Science of a Lost Medieval Gaelic Graveyard, a thug léargas cuimsitheach ar an saol le linn na tréimhse seo bunaithe ar adhlacthaí Bhaile Sheanaidh. Tugann páipéir bhreise ó sheimineáir léargas breise ar thorthaí an tionscadail.

 

Clár Comhaltachta - Understanding Environmental and Landscape Change in the Midlands of Ireland Through the Cultural Use of Woodland

Comhaltacht Oidhreacht ÚBN: In 2008 bhronn an tÚdarás maoiniú óna Chlár Comhaltachtaí ar thionscadal taighde PhD dar teideal Understanding environmental and landscape change in the midlands of Ireland through the cultural use of woodland. Rinne Ellen O’Carroll, speisialaí adhmaid agus seandálaí ón Roinn Bitheolaíochta i gColáiste na Tríonóide Baile Átha Cliath, an taighde seo agus thug le chéile teicnící pailé-éiceolaíocha agus sonraí seandálaíochta (lena n-áirítear faisnéis a fuarthas ó thochailtí a rinneadh ar scéimeanna bóithre náisiúnta) chun úsáid coillearnaigh agus an tionchar a d’imir sé ar lár tíre ón tréimhse Mhéisiliteach a thomhas (c. 8000–4000 RCh).

Cuireadh páipéar i láthair ag Seimineár Náisiúnta Seandálaíochta an Údaráis 2009 ina bhfuil cur síos ar aidhmeanna agus ar mhodhanna an tionscadail, agus ina dtugtar torthaí tosaigh an taighde agus foilsíodh an páipéar sin in imeachtaí an tseimineáir i bhfómhar 2010. Bronnadh PhD ar Ellen i samhradh 2012 agus chuir sí cuid dá torthaí i láthair ag Seimineár 2012. Foilsíodh an páipéar seo, comhscríofa ag an Ollamh Fraser Mithchell in imeachtaí an tseimineáir i bhfómhar 2013. Tiocfaidh a thuilleadh páipéar ó thaighde Ellen agus póstálfar scéala maidir leosan anseo de réir mar a chuirtear i gcló nó ar líne iad.

Chomh maith leis na foilseacháin seo, ba chuid iad na torthaí taighde freisin de na Palaeoenvironmental Sampling Guidelines  lena n-úsáid ar scéimanna bóithre náisiúnta. (first published in 2015 and now in its fifth edition) .

 

Clár Comhaltachta - Suirbhé Geoifisice Seandálaíochta

Comhaltacht Oidhreacht ÚBN: Tá athbhreithniú déanta ar úsáid geoifisice seandálaíochta ar scéimeanna bóithre idir 2001 agus 2010 mar chuid den dara tionscadal taighde seandálaíochta a maoiníodh tríd an gClár Comhaltachta. Is éard atá i Suirbhé Geoifisice Seandálaíochta ná raon modhanna chun iniúchadh a dhéanamh faoi dhromchla na talún trí chianbhraith. Ba é James Bonsall, an Dr Chris Gaffney agus an tOllamh Ian Armit ó Ollscoil Bradford sa Ríocht Aontaithe a rinne an staidéar seo, ar bronnadh maoiniú air in 2010. D'fheidhmigh an comhlacht Éireannach Earthsound Archaeological Geophysics mar chomhpháirtí tionsclaíoch na hollscoile sa taighde.

Roghnaíodh an geoifisiceoir seandálaíochta James Bonsall mar iomaitheoir chun a chuid taighde a chur i láthair ag comhdháil iomráiteach Airéine Taighde Iompair 2012 agus bronnadh an bonn airgid air sa cholún comhshaoil dá chur i láthair. Thug James réamh-athbhreithniú ar dhul chun cinn in Eagrán 6 den iris Seanda (a foilsíodh i mí na Nollag 2011) agus chuir sé páipéar i láthair ag Seimineár Náisiúnta Seandálaíochta an ÚBN 2012. Foilsíodh an páipéar seo, a comhscríobhadh leis an Dr Chris Gaffney agus leis an Ollamh Ian Armit, sna himeachtaí seimineáir ina dhiaidh sin i bhfómhar 2013. Ceann de phríomhrudaí insoláthartha an tionscadail taighde ba ea bunachar sonraí ar líne óna bhféadfaí breathnú ar thuarascálacha geoifisiceacha arna gcoimisiúnú ag an ÚBN. Seoladh Bunachar Sonraí Shuirbhé Geoifisiceach Seandálaíochta an ÚBN i mí Aibreáin 2013 agus foilsíodh alt faoin acmhainn thábhachtach ar líne seo in Eagrán 8 de Seanda. Chuir an taighde sraith treoirlínte ar fáil freisin (a foilsíodh i mBealtaine 2014) dar teideal Preparing for the Future: a re-appraisal of archae-geophysical surveying on Irish National Road Schemes 2001-2010.

Tionscadail INSTAR

Instar

Is ciste taighde seandálaíochta é an Clár INSTAR atá á riaradh ag an gComhairle Oidhreachta a thacaíonn le taighde téamach agus a éascaíonn comhoibriú idir comhairleachtaí seandálaíochta, institiúidí acadúla, comhlachtaí acadúla agus taighde idirnáisiúnta agus comhlachtaí Stáit. Is comhpháirtí tionscail é BIÉ faoi láthair sa tionscadal INSTAR Settlement and Landscape in Later Prehistoric Ireland—Seeing Beyond the Site agus, chomh maith leis an ÚBN, bhí BIÉ ina chomhpháirtí sna tionadail Cultivating societies: assessing the evidence for agriculture in Neolithic Ireland agus The People of Prehistoric Ireland.

Chuir ÚBN le roinnt tionscadal INSTAR eile trí rochtain ar thuairiscí tochailte agus sonraí neamhfhoilsithe eile a dhíorthaítear ó imscrúduithe seandálaíochta ar scéimeanna bóithre náisiúnta a éascú. Áirítear leis na tionscadail sin:

  • An integrated, comprehensive GIS model of landscape evolution & land use history in the River Boyne Valley
  • Early Medieval Archaeology Project
  • Making Christian Landscapes
  • Mapping Death: boundaries and territories in Ireland, 1st to 8th centuries AD