Ag déanamh agus ag deisiú: scéal dhá cheárta stairiúla cois bóthair ar bhóthar N73 ó Mhala go Baile Mhistéala, Co. Chorcaí

Le Graham Hull ó TVAS (Ireland) Ltd agus leis an seandálaí miotalóireachta Paul Rondelez

Léaráid 1: Scéim Athailínithe Áth na Cise, lena léirítear suíomhanna na gceártaí (Léarscáil: Ken Hanley)

Ní i gcónaí a bhaineann imscrúduithe seandálaíochta leis an tseanaimsir. Le linn tochailtí a rinneadh in 2012 agus in 2019–2020 feadh bhealach Scéim Athailínithe Bhóthar Áth na Cise ar an N73, scrúdaíodh fianaise ar cheardaíocht agus ar thionsclaíocht tuaithe níos déanaí, i bhfoirm ceárta dea-chaomhnaithe ag Claonúir Theas 1 agus 2, agus sloc dramhaíola a bhain le hiar-cheárta ag Áth na Cise Theas 2 in aice láimhe (Léaráid 1). Bhí ceárta Chlaonúir Theas in úsáid ó dheireadh an 18ú haois ar a laghad go dtí tús an 20ú haois. Bhí briseadh san úsáid timpeall lár an 19ú haois, tráth a raibh ceárta Áth na Cise Theas, díreach 300 m siar ó dheas, á oibriú go sealadach. Tá an t-ádh linn go raibh fianaise mhaith sheandálaíochta ar cheárta Chlaonúir Theas agus, anuas air sin, go bhfuil taifid dhoiciméadacha ar marthain maidir leis na gaibhne a bhí ag obair agus ina gcónaí anseo. Baineadh úsáid freisin as anailís eolaíoch ar an dramhaíl ghaibhneoireachta ón dá láithreán chun léargas a thabhairt ar gheilleagar na gaibhneoireachta tuaithe le linn na tréimhse seo de mhórathrú tionsclaíoch.
Ceann de phríomhghnéithe Réabhlóid Thionsclaíoch an 19ú haois, in éineacht le cur i bhfeidhm chumhacht an ghaile agus dul chun cinn i ndéantús teicstílí, ba ea an nuálaíocht maidir le sulfar a bhaint as gual mianrach — rud a chruthaigh cóc — agus d’fhág sé sin go bhféadfaí é a úsáid (mar rogha ní ba shaoire ná gualach) chun iarann a bhruithniú. D’fhág an laghdú dá bharr ar phraghas an iarainn gur ábhar saor agus forleathan a bhí ann, agus baineadh úsáid níos mó as iarann saoirsithe le haghaidh earraí móra, amhail fonsaí rothaí cairte agus geataí. Dá réir sin, tháinig méadú ar líon na ngabha (Léaráid 2) agus na gceártaí. Léiríonn léarscáileanna sé orlach sa mhíle (thart ar na 1830idí) agus 25 orlach sa mhíle (ó dheireadh an 19ú haois go tús an 20ú haois) de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis tús agus deireadh na tréimhse ina raibh ceártaí tuaithe cois bóthair forleathan in Éirinn.

 

 

Léaráid 2: Líon na ngabha agus an daonra bunaithe ar dhaonáirimh na hÉireann, 1831–1961.

Na ceártaí

Mhair ceárta Chlaonúir Theas mar fhoirgnimh a raibh cuid díobh fós ina seasamh (Léaráidí 3 agus 4). Bhí an ceárta suite ag cúinne thoir theas imfhálú móta ón Meánaois dhéanach a bhí ann roimhe sin. Foirgneamh dronuilleogach cloiche a bhí sa cheárta, a bhí thart ar 6.8 m faoi 4.5 m taobh istigh agus a tógadh faoi dheireadh an 18ú haois. Bhí tosach an fhoirgnimh teasctha ag imeall an bhóthair N73 atá ann faoi láthair, nó bhí sé oscailte i dtreo an bhóthair. Bhí ceithre bhalla de bhloic aolchloiche agus balla seachtrach tacaíochta fós ina seasamh go dtí uasairde 1.8 m. Nochtadh bonn na bunsraithe agus cuid de bhalla a bhí fós ina sheasamh de theallach gaibhneoireachta ar airde coime taobh istigh den cheárta, ag a cheann thiar. In aice láimhe, gearradh sloc dramhaíola, poll cuaille in aice leis agus bunsraith inneoin ina raibh poll cuaille dúbailte isteach in urlár cré nádúrtha na ceárta. Bhí breis agus 34 kg de shlaig sa sloc (fuíoll ó obair iarainn a chruthaítear de réir mar a bhaintear eisíontais as an miotal), lena n-áirítear 46 cáca teallaigh gabha (slaig atá saibhir in iarann agus a chruinníonn ag bun teallaigh gabha) (Léaráid 5). Bhí bunsraith an inneoin 1 m ar trastomhas agus bhí dramhaíl timpeall uirthi, lena n-áirítear sil-leagan dlúth dubh (0.1 m ar tiús) a thit ar an urlár agus an gabha ag obair. Fuarthas líon mór crúite capaill os cionn an tsil-leagain seo, rud a thugann le fios gur tréigeadh iad tar éis don cheárta a bheith in úsáid den uair dheireanach. Bhí an sloc dramhaíola, bunsraith an inneoin agus na poill chuaille séalaithe faoi shil-leagan dlúth de bhruscar miotalóireachta a chlúdaigh formhór urlár na ceárta agus a scaipeadh tar éis don cheárta éirí as úsáid. Fuarthas ardán coincréite fonsaíochta nó cloch cheangail (1.4 m ar trastomhas), a úsáideadh chun “boinn” nó fonsaí miotail a fheistiú ar rothaí adhmaid, taobh istigh den cheárta. Bhí banda iarainn fós timpeall imlíne an ardáin fonsaíochta. Chuirfí acastóir roth na cairte sa pholl lárnach (0.35 m ar trastomhas) chun an roth a choinneáil ina áit, agus ansin bheadh an fonsa iarainn inrochtana go héasca lena dheisiú nó lena athdhéanamh (Léaráid 6). Tá iarsmaí ballaí cheárta Chlaonúir Theas, mar aon leis an ardán fonsaíochta, lasmuigh den bhóthar N73 a athailíníodh le déanaí agus tá siad caomhnaithe in situ.
Murab ionann agus mar a tharla i gClaonúir Theas, áit ar nochtadh an cheárta go hiomlán, níor nochtadh laistigh den limistéar tochailte ag Áth na Cise Theas 2 ach gnéithe a bhí lasmuigh den cheárta. Bhí fianaise ar obair mhiotalóireachta i roinnt bheag díobh seo, ar dócha gur ón gceárta a tháinig sí, agus ba é sloc dramhaíola amháin an ghné ba shaibhre ó thaobh faisnéise de.

 

Illus. 3: Aerial view of excavated smithy at Clenor South. Note tyring platform. South to top of image (Photo: Airshots).
Léaráid 3: Amharc ón aer ar an gceárta a tochlaíodh i gClaonúir Theas. Tabhair faoi deara an t-ardán fonsaíochta. Deisceart ag barr na híomhá (Grianghraf: Airshots).
Illus. 4: Aerial view of excavated smithy at Clenor South with domestic dwelling in foreground. South-east to top (Photo: Airshots).Léaráid 4: Amharc ón aer ar an gceárta a tochlaíodh i gClaonúir Theas agus teach cónaithe sa tulra. Oirdheisceart ag barr na híomhá (Grianghraf: Airshots).

 

Illlus. 5: Smithing hearth cake from Clenor South 2, with imprint of iron tuyere (arrowed) (Photo: Paul Rondelez).

Léaráid 5: Cáca teallaigh gabha ó Chlaonúir Theas 2, agus lorg soic séidte iarainn air (léirithe leis an tsaighead) (Grianghraf: Paul Rondelez).

Illus. 6: ‘Hooping’ or tiring’ a wheel from a mid-19th-century woodcut (Penny Magazine 1841, 505).

Léaráid 6: Fonsa a chur ar roth ('hooping' nó 'tiring') mar a léirítear i ngearradh adhmaid ó lár an 19ú haois (Penny Magazine 1841, 505).

 

 

 

 

Fianaise ar ghníomhaíochtaí gaibhneoireachta

Aisghabhadh líon mór crúite capall, formhór díobh ón 19ú haois, chomh maith le roinnt uirlisí agus feistis a bhaineann le capaill, agus dumpáladh iad i ndíog atá díreach cóngarach do cheárta Chlaonúir Theas (Léaráidí 7 agus 8). Foilsíodh cuntas spéisiúil ar fhianaise na crúite capall ón dá láithreán agus ar ról an ghabha i gceantair thuaithe na hÉireann in áit eile (Maguire et al. 2023). Fuarthas 172 cáca teallaigh gabha eile sa díog freisin. Léiríonn gach cáca iarsmaí iarmharacha d'oibríocht bhrionnaithe aonair, agus tá baint ag a mheáchan leis an méid iarainn a rinneadh a bhrionnú agus leis na teicnící gaibhnithe a úsáideadh. Mar shampla, bíonn caillteanas níos mó iarainn agus foirmiú níos mó slaige mar thoradh ar tháthú gaibhnithe. Tá uasmheáchan agus meánmheáchan na gcácaí ó Chlaonúr Theas araon níos airde ná na cinn a fuarthas ón bpoll dramhaíola in Áth na Cise Theas 2, agus tá an difríocht níos suntasaí fós i gcomparáid leis na cácaí ó cheárta de chuid dheireadh an 18ú haois a tochlaíodh in Gort an Átháin Bhuí Thoir ar Scéim Feabhsúcháin an Bhóthair N72 Lúba Stagmount, Co. Chiarraí (Léaráid 9). Mar gheall ar infhaighteacht mhéadaithe iarainn i dtreo dheireadh an chéad leath den 19ú haois, bhí réada iarainn níos mó agus níos casta coitianta, lena n-áirítear geataí iarainn saoirsithe agus innealra talmhaíochta. Chomh maith le táirgeadh agus deisiú na réad sin, bhí crú capaill agus obair bheag eile fós mar phríomhobair na gceártaí tuaithe. Léirítear é sin i staidéar (Wallace 2005) ar na billí a mhaireann ó ghabha tuaithe a bhí ag obair i gContae Luimnigh idir 1864 agus 1899. Bhain formhór mór na hoibre le capaill a chrú; ní dhearnadh poist níos mó ach ó am go chéile, agus bhain go leor díobh le cineálacha nua innealra talmhaíochta, amhail meaisíní bainte — a úsáideadh den chéad uair in Éirinn i gCo. an Chláir in 1833 — agus meaisíní buailte a tháinig in úsáid go coitianta in oirthear na hÉireann sna 1830idí.  Is dóichí gur tháinig an méadú ar mheáchan na gcácaí teallaigh gabha i gClaonúir Theas sa dara leath den 19ú haois as níos mó píosaí iarainn, agus píosaí níos mó, a bheith á n-úsáid sa ghaibhneoireacht tuaithe ag an am.

 

Illus. 7: Examples of different sized horseshoes for a range of horse and pony types from the Clenor South smithy (Photo: Dylan Duane Roche).

Léaráid 7: Samplaí de chrúite capall de mhéideanna éagsúla do chineálacha éagsúla capall agus capaillíní ó cheárta Chlaonúir Theas (Grianghraf: Dylan Duane Roche).

 

 

 

Illus. 8: Examples of iron objects from Clenor South. 1: Horseshoe nail. 2: Possible 17th-century style proto horseshoe or uncompleted trial piece. 3: Peltate (shield-shaped) object; probably a fitting for a handle on a vessel such as a cauldron. 4: Plaque bearing the name Pierce. The Pierce Foundry, founded in Wexford in 1839, manufactured horse-drawn farming vehicles, which were shipped worldwide. 5: Door hinge fragment. 6: Nail maker. The nails were driven through the various-sized holes in the flat plate, which, in this case, had a convenient loop allowing it to be hung on the wall of the forge when not in use (Photo: Dylan Duane Roche).

Léaráid 8: Samplaí de réada iarainn ó Chlaonúr Theas. 1: Tairne crú capaill. 2: Crú capaill luath, i stíl an 17ú haois, b'fhéidir, nó píosa trialach nár críochnaíodh. 3: Réad peiltéiteach (ar chruth sciatha); is dócha gur feisteas d’hanla ar shoitheach, amhail coire, é. 4: Plaic ar a bhfuil an t-ainm "Pierce". Bunaíodh Pierce Foundry i Loch Garman sa bhliain 1839 agus mhonaraigh sé feithiclí feirme arna dtarraingt ag capaill, a seoladh chuig tíortha ar fud an domhain. 5: Blúire d’inse dorais. 6: Déantóir tairní. Tiomáineadh na tairní trí phoill de mhéideanna éagsúla sa phláta comhréidh, a raibh lúb áisiúil air sa chás seo, rud a d'fhág go bhféadfaí é a chrochadh ar bhalla na ceárta nuair nach raibh sé in úsáid (Grianghraf: Dylan Duane Roche).


Illus. 9: Smithing hearth cakes (%) per weight category from excavated iron-working sites at Gortanahaneboy, Co. Kerry, and Annakisha South 2 and Clenor South 2, Co. Cork.

Léaráid 9. Cácaí teallaigh gabha (%) de réir catagóire meáchain ó láithreáin iarannóireachta a tochlaíodh i nGort an Átháin Bhuí Thoir, Co. Chiarraí, agus in Áth na Cise Theas 2 agus i gClaonúir Theas 2, Co. Chorcaí.

Iarann saoirsithe a úsáideadh sna ceártainn in Áth na Cise Theas agus i gClaonúir Theas. Táirgeadh é in ionaid táirgthe iarainn i Sasana agus sa Bhreatain Bheag trí iarann teilgthe, a monaraíodh i bhfoirnéisí, a scagadh ('fuineadh') go miotal a bhí oiriúnach don bhrionnú. Bhí eisíontais sa chineál seo iarainn, mar a bhí i ngach cineál iarainn roimhe, agus baineadh iad le linn an phróisis gaibhneoireachta, rud a chuir le foirmiú na gcácaí teallaigh gabha. Faoi dheireadh an 19ú haois, bhí foirnéisí cruachóireachta coitianta, agus tháirg siad ‘cruach bhog’, a tháinig in áit an iarainn shaoirsithe de réir a chéile. Ós rud é nach mbíonn slaig i gcruach bhog, bíonn an dramhaíl, ar a dtugtar ‘cinder’ nó ‘clinker’, i bhfad níos éadroime agus is éard atá inti eisíontais bhreosla dhóite agus ábhar ón teallach. Ba den chineál seo ábhair a tochlaíodh ó na leibhéil urláir ba dhéanaí (go luath sa 20ú haois) i gClaonúir Theas.
Tugann an t-ábhar atá cuimsithe sa tslaig ghabha léargas maith ar an athrú a tháinig ar fhoinse an bhreosla sa dá cheárta. Dódh gual i gceárta Chlaonúir Theas agus i gceárta Áth na Cise Theas ón 18ú haois go dtí tús an 19ú haois, idir gual biotúmanach maol agus gual antraicíte lonrach (Léaráid 10). D'fhéadfadh sé gur baineadh cuid den ghual go háitiúil ar a laghad, mar thaifead Lewis (1837, 339) go ndearnadh seafta a chur síos i bparóiste Chlaonúir i dtaisce 'culm' (gual biotúmanach), as ar baineadh roinnt eiseamal mín, cé nach léir ar eascair mianadóireacht iarbhír guail as sin. Scoir mianaigh chuilm Duhalla (thart ar 30 km siar) d'fheidhmiú sa bhliain 1883, agus d'fhéadfadh sé gur chuidigh sé sin leis an aistriú chuig úsáid cóic scagach i gClaonúr Theas go luath sa 20ú haois. Is suimiúil gur gualach den chuid is mó, mar aon le beagán guail antraicíte, a bhí cuimsithe sa tslaig a bhain leis an úsáid a baineadh as ceárta Chlaonúir Theas sa tréimhse níos déanaí den 19ú haois. Is beag taighde atá déanta ar úsáid gualaigh sa tréimhse dhéanach sin, ach tugann taifead i gCnuasach Bhéaloideas Éireann maidir le muileann spád i nDealbhna, Contae na hIarmhí, inar úsáideadh gualach sna 1930idí, le fios gur leanadh den ghualach a tháirgeadh agus a úsáid in obair iarainn go dtí an 20ú haois i gceantair áirithe den tír. Bhí cóc scagach den chuid is mó mar bhreosla sa dramhaíl ó thús an 20ú haois i gClaonúir Theas, rud atá tipiciúil den aistriú níos forleithne chuig an gcineál breosla sin ag an am, agus a léiríonn céim chun cinn sna próisis thionsclaíocha.

 

Illus. 10: Smithing hearth cake with large inclusion of anthracite coal evident (Photo: Paul Rondelez).

Léaráid 10: Cáca teallaigh gabha ina bhfuil píosa mór guail antraicíte le feiceáil (Grianghraf: Paul Rondelez).

 

Teach an ghabha

In aice le foirgneamh na ceárta i gClaonúir Theas, tógadh teach ag leibhéal beagán níos ísle agus é suite siar 0.5 m ón gceárta. Is dócha gurbh é seo teach cónaithe an ghabha agus a theaghlaigh, agus bhí sé beagán níos lú ná an cheárta, le toisí inmheánacha 6.6 m × 4.4 m. Tógadh na sé bhalla a bhí fós ina seasamh as meascán de bhloic aolchloiche a bhí snoite go garbh agus bloic aolchloiche cóirithe. Bhí teallach sa bhfoirgneamh le sonraí de bhrící dearga agus cuas do shéideán tine; bhí urlár leacach cloiche os comhair an teallaigh agus ag an mbealach isteach.
Bhí dhá bhalla seachtracha claonta ar gach taobh den cheárta agus den teach, rud a chruthaigh clós iontrála a fhreagraíonn do na ballaí atá léirithe ar léarscáil na Suirbhéireachta Ordanáis, 1903. Gan amhras, d'éascaigh an bealach isteach seo rochtain ón mbóthar do chairteacha, do chóistí agus do chapaill chustaiméirí an ghabha.
Is suntasach, b'fhéidir, gurb é Baile Uí Ghabhann an t-ainm Gaeilge ar bhaile fearainn Bhaile Ghabhann, atá 1.2 km soir ó thuaidh de cheárta Chlaonúir Theas, agus gur féidir gurb é is brí leis ná ‘baile an ghabha’ (logainm.ie), rud a thugann le fios gur dócha go raibh traidisiún fada miotalóireachta sa cheantar i gcoitinne, a d'fhéadfadh dul siar chomh fada leis na Meánaoiseanna. Idir lár an 15ú haois agus lár an 17ú haois, is dócha go raibh Claonúr Theas mar chuid d'eastát Chaisleán Chaomháin, a bhí faoi smacht mhuintir de Róiste, plandálaithe Angla-Normannacha ón 13ú go dtí an 14ú haois. De réir Grove White (1905–25, Iml. 2, 103–4), deonaíodh an caisleán do William Thornhill sa bhliain 1666 tar éis do mhuintir de Róiste é a fhorghéilleadh le linn Chogaí Chromail, agus bhí sé i seilbh mhuintir Thornhill go dtí lár an 19ú haois. Faoin mbliain 1851, ba é Thomas Keppel léasaí na ceárta i gClaonúir Theas, agus ba é Pierce Nagel nó Charles Roche léasóir na talún in Áth na Cise Theas (Griffith's Valuation).

An cheárta le linn tréimhse den fhriotaíocht náisiúnta

Dealraíonn sé gur tháinig briseadh ar úsáid cheárta Chlaonúir Theas, mar go léirítear ar léarscáil na Suirbhéireachta Ordanáis ó 1840 ceárta Áth na Cise Theas le siombail crú capaill ag Cros Torpy in aice láimhe, taobh leis an láthair tochailte Áth na Cise Theas 2 (Léaráid 11). Níl aon siombail dá leithéid le feiceáil i gClaonúir Theas, rud a d'fhéadfadh a léiriú gur bhog fócas na gabhaíochta chuig an gcrosbhóthar in aice láimhe go luath sa 19ú haois. Dealraíonn sé gur cuireadh ceárta Chlaonúir Theas in úsáid arís i lár an 19ú haois, mar thaifead leabhar tionachta Griffith's Valuation ó 1844 ceárta i gClaonúir Theas a bhí á háitiú ar dtús ag Michael Crow agus ina dhiaidh sin ag Cornelius Herlihy, agus luaitear sa luacháil fhoilsithe (1851) gurbh é Michael Hickey léasaí na ceárta. Ní thaifeadann ceachtar de na doiciméid luachála seo ceárta in Áth na Cise Theas, agus ní dócha go mbeadh dhá cheárta ag feidhmiú ag an am céanna chomh gar dá chéile. Sa 20ú haois, liostaíodh Joseph Hunter thuasluaite mar ghabha i ndaonáireamh 1901 agus é ina chónaí i mbaile fearainn Bhaile Uí Ghabhann; taifeadtar é mar bhaintreach fir, 32 bliain d’aois, agus clann aige, William, 8 mbliana d’aois, agus David, 6 bliana d’aois. I ndaonáireamh 1911, bhí Joseph Hunter (a taifeadadh faoin tráth sin mar fhear athphósta, 46 bliana d’aois, agus clann aige: William, 17 mbliana d’aois, agus David, 16 bliana d’aois) ina chónaí in Áth na Cise Theas, agus gabha ba ea é. Lean Joseph Hunter de bheith ag obair mar ghabha i gClaonúir Theas (Grove White 1905–25, Iml. 1, 194) agus scoir sé den obair ann go luath sa 20ú haois, mar go raibh ceárta ag duine dá mhuintir sa tSeanbhaile Mór in aice láimhe (Tadhg Ó Raghaill, pers. comm.). Tá dúnadh cheárta Chlaonúir Theas go luath sa 20ú haois ag teacht leis an meath suntasach ar líon na ngabha in aghaidh an daonra (Léaráid 2).

Stair shóisialta na ngabha agus na gceártaí

There was, seemingly, an intermission in the use of the Clenor South smithy, as the OS map of 1840 denotes the presence of the Annakisha South smithy by the use of a horseshoe symbol at nearby Torpy’s Cross, adjacent to the excavated site Annakisha South 2 (Illus. 11). There is no such symbol at Clenor South, perhaps a reflection of the focus of smithing moving to the nearby crossroads in the earlier 19th century. The Clenor South smithy seemingly came back into use in the mid-19th century though, as the Griffith’s Valuation tenure book of 1844 records a smithy at Clenor South which was occupied first by Michael Crow and subsequently by Cornelius Herlihy, while the published Valuation (1851) lists Michael Hickey as leasing the smithy. Neither of these Valuation documents record a smithy at Annakisha South and it is unlikely that two smithies would have operated simultaneously so close together. In the 20th century, the aforementioned Joseph Hunter was listed in the 1901 census as a blacksmith and living in nearby Ballygown townland; he is recorded as a widower, aged 32, with children, William aged 8, David aged 6. In the 1911 census, Joseph Hunter (now recorded as remarried, aged 46, with children, William aged 17, David aged 16) was resident in Annakisha South and his profession was blacksmith. Joseph Hunter continued as blacksmith at Clenor South (Grove White 1905–25, Vol. 1, 194) and ceased work there in the early 20th century as a family member of his had a smithy at nearby Shanballymore (Tadhg Ó Raghaill, pers. comm.). This closure of the Clenor South smithy early in the 20th century matches the significant downward trend in blacksmiths per head of population (Illus. 2). 

 

Illus. 11: Smithies at Annakisha South (blue circle) and Clenor South (red circle) on the OS maps (six-inch to one mile, Cork - Sheet 25). Top: first edition, surveyed 1841, engraved 1844, printed 1844 (https://maps.nls.uk/view/246834556): Bottom: revised edition 1903–04, published 1905 (https://maps.nls.uk/view/247666824). Reproduced with the permission of the National Library of Scotland, licensed under CC BY (NLS).
Léaráid 11: Ceártainn in Áth na Cise Theas (ciorcal gorm) agus i gClaonúr Theas (ciorcal dearg) ar léarscáileanna na Suirbhéireachta Ordanáis (sé orlach go dtí an míle, Corcaigh – Bileog 25). Barr: an chéad eagrán, arna shuirbhéireacht in 1841, arna ghreanadh in 1844 agus arna chlóbhualadh in 1844 (https://maps.nls.uk/view/246834556 Bun: eagrán athbhreithnithe 1903–04, foilsithe 1905 (https://maps.nls.uk/view/247666824). Arna atáirgeadh le cead ó Leabharlann Náisiúnta na hAlban, arna cheadúnú faoi CC BY (NLS).

 

Iarfhocal

Mar gheall ar mhionathrú a rinneadh ar dhearadh Scéime Athailínithe Bhóthar N73 Áth na Cise sular cuireadh tús leis an tógáil, d’fhéadfaí foirgneamh na ceárta i gClaonúir Theas a fhágáil ina áit. Is féidir le léitheoirí tuilleadh eolais faoin scéim a fháil sna hailt éagsúla atá foilsithe fúithi (Hull 2020; Hull & Ruttle 2024; Maguire et al. 2023; Ruttle 2014).
Tá an páipéar seo tiomnaithe do chuimhne Kieran McKeone (†), iar-Innealtóir Sinsearach Feidhmiúcháin, Oifig Deartha na mBóithre Náisiúnta, Comhairle Contae Chorcaí.

Tuilleadh léitheoireachta

Grove White, Col. J  1905–25  Historical and topographical notes etc. on Buttevant, Castletownroche, Doneraile, Mallow and places in their vicinity, 4 Volumes. Guy & Co. Ltd, Cork.
Hull, G  2020  ‘Continuity of place: initial results of archaeological investigation in advance of the N73 Annakisha Realignment Scheme’, Mallow Field Club Journal, Vol. 38, 127–40.
Hull, G & Ruttle, E  2024  ‘From first farmers to roadside forge: archaeological discoveries from two N73 road re-alignment schemes, in north County Cork’, Journal of the Cork Archaeological and Historical Society, Vol. 129, 31–73.
Lewis, S  1837  A Topographical Dictionary of Ireland, comprising the several counties, cities, boroughs, corporate, market, and post towns, parishes and villages, 2 volumes. S. Lewis & Co., London.
Maguire, R, Taylor, K & Maguire, J  2023  ‘Forging rural heritage: observations from recent archaeological excavations at Clenor South and Annakisha South, County Cork, Ireland’, Cheiron: The International Journal of Equine and Equestrian History, Vol. 3, No. 1, 85–101.
Penny Magazine  1841  ‘A day at a coach factory’, The Penny Magazine of the Society for the Diffusion of Useful Knowledge, Vol. 10, 501–8 (Dec 1841).
Ruttle, E  2014  ‘A County Cork smithy’, Archaeology Ireland, Vol. 28, No. 1, 23–5.
Wallace, P F  2005  ‘Documentary evidence of the work of a country forge after the Great Famine’, in T Condit & C Corlett (eds), Above and beyond: essays in memory of Leo Swan, 473–89. Wordwell, Bré.
(Arna fhoilsiú an 16 Iúil 2026)