Taighde ar Shábháilteacht ag BIÉ

Tugaimid faoi réimse fairsing anailíse atá dírithe ar fheabhas a chur ar shábháilteacht do gach úsáideoir bóithre ar an ngréasán bóithre náisiúnta.

Foilseacháin

Glacann Sábháilteacht TII páirt i gcláir thaighde thrasnáisiúnta ar shábháilteacht ar bhóithre. Ceadaíonn comhoibriú le húdaráis bóithre agus le grúpaí taighde ar shábháilteacht ar bhóithre lasmuigh d’Éirinn eolas, taithí agus smaointe a aistriú a théann chun sochair obair Shábháilteacht TII agus chuspóirí straitéiseacha níos fairsinge na heagraíochta. Chun teacht ar bhreis eolais ar straitéis taighde TII, féach anseo.

Anailís ar Thosca a Bhíonn Taobh Thiar de Thuairteanna Tráchta Bóthair

Cuimsíonn ár dtaighde breathnú ar na cúiseanna a bhí taobh thiar de thuairteanna roimhe seo (feithicil, bonneagar bóithre, iompar tiománaithe, srl.). Ba é Risk Solutions a rinne an taighde seo agus a d’fhorbair an tuairisc. Measadh leis sin cad iad na feabhsuithe a d'fhéadfaí a dhéanamh ar an mbealach a mbailítear sonraí maidir le tuairteanna agus an tábhacht choibhneasta a bhaineann le cineálacha éagsúla tosca a chuireann leo.

Tá tuarascáil scríofa againn freisin don Siompóisiam Idirnáisiúnta maidir le Dearadh Geoiméadrach Mórbhealaigh (ISHGD) a scrúdaíonn Tosca Mionathraithe Tuairteanna (CMFanna) a Chur i bhFeidhm ó Dhearcadh 2 Chigireacht ar Shábháilteacht ar Bhóithre laistigh de Ghréasán Mótarbhealaí na hÉireann. Rinneamar taighde a choimisiúnú ar shonraí stairiúla maidir le tuairteanna ó 2014 go 2017. Foilsíodh tuairisc i mí Eanáir 2019 atá ar fáil anseo. Further Is féidir tuilleadh eolais a lorg ó infosafety@tii.ie.

CEDR Logo

An Chomhdháil do Stiúrthóirí Eorpacha Bóithre (an CEDR)

Tá baint freisin ag Sábháilteacht TII i dtaighde trasnáisiúnta tríd an gComhdháil do Stiúrthóirí Eorpacha Bóithre (CEDR). Cuireann an CEDR bealach ar fáil d’údaráis bóithre ar fud na hEorpa chun eolas, taighde agus eispéiris choiteanna a roinnt..

Ghlac TII páirt go dtí seo i ngach ceann de na glaonna taighde a rinne an CEDR maidir le sábháilteacht ó rinneadh an chéad ghlaoch in 2012, lenar áiríodh trí thionscadal taighde ar shábháilteacht:

  • ASAP (Appropriate Speed saves All People),
  • BROWSER (Baselining Road Works Safety on European Roads),
  • SAVERS (Selection of Appropriate Vehicle Restraint Systems)

Thosaigh glaoch eile taighde a rinne an CEDR in 2013 3 ábhar taighde bhreise in 2013:

  • ESRET (An Uirlis Eorpach um Athbhreithniú Sábháilteachta),
  • EUSight (Faid Radhairc Eorpacha i bpeirspictíocht), 

Ó ghlaoch taighde a rinne an CEDR in 2016 a tháinig an taighde ar shábháilteacht is déanaí atá ar bun. Áiríodh leis seo na hábhair thaighde seo a leanas;

  • PROGRESS (Provision of Guidelines for Roadside Safety),
  • IRIS (Incursion Reduction to Increase Safety in road work zones),
  • ADVERTS (Assessing Distraction of Vehicle drivers in Europe from Roadside technology-based Signage), 
  • SANA-4U (Safety in Non-Urban Areas for VRUs).

Cuireadh na torthaí tosaigh do na tionscadail seo i láthair ag Comhdháil na hAiréine Taighde Iompair i Vín in 2018.

Ba é cuspóir an tionscadail tarlú earráid tiomána a íoslaghdú. Tríd an mbaol a íoslaghdú go bhfágann feithiclí an carrbhealach agus a chinntiú go bhfuil spás leordhóthanach tarrthála ann anuas ar dhul i ngleic le hearraí cois bóthair leis an bhfórsa imbhuailte ar phaisinéirí feithicle a theorannú agus gortuithe tromchúiseacha agus marfacha a laghdú dá bharr. Tá TII ag oibriú go leanúnach i dtreo an cur chuige córas sábháilte seo a chur i bhfeidhm in Éirinn agus d’fhoilsigh siad Cáipéis Treorach ar Thuarascáil Forgiving Roadsides an CEDR a Chur i bhFeidhm.