Sábháilteacht an Bhonneagair Bóthair a Bhainistiú

Déanann TII anailís timpiste ar fud iomlán an líonra bóithre náisiúnta ó am go chéile, mar a éilítear le GE-STY-01022 Anailís Sábháilteachta an Líonra, chomh maith le cigireachtaí sábháilteachta gníomhacha (AM-STY-06044 Iniúchadh Sábháilteachta Bóithre). Is é cuspóir an phróisis chomhtháite seo ná suíomhanna a aithint ina mbíonn tiúchan ard timpistí agus/nó timpistí féideartha ann.

TII Road Safety audit
Safety Image
TII Safety image

Measúnú ar Shábháilteacht ar Bhóithre ar fud an Ghréasáin

De réir na Treorach maidir le RISM (Airteagal 5) agus Straitéis Rialtas na hÉireann um Shábháilteacht ar Bhóithre (Plean Gníomhaíochta Chéim 1 2021 go 2024 – Gníomh 1), tá measúnú ar shábháilteacht ar bhóithre ar fud an ghréasáin (NWA) ullmhaithe ag Sábháilteacht ar Bhóithre BIÉ do chodanna de phríomhbhóthar náisiúnta na hÉireann atá lasmuigh de cheantair uirbeacha. Is é cuspóir an NWA ná an gréasán bóithre a rangú i leibhéil sábháilteachta. Tabharfar tús áite do na codanna sin nach bhfuil rátálacha sábháilteachta maithe acu le go ndéanfar iniúchtaí dírithe orthu maidir le sábháilteacht ar bhóithre, agus nuair is gá, idirghabhálacha cuí.

Comhlánaíonn modheolaíocht NWA BIÉ na nósanna imeachta bainistithe sábháilteachta reatha agus cuireann sí le cleachtas sheanbhunaithe BIÉ maidir le hanailís ar shábháilteacht an ghréasáin agus iniúchtaí sábháilteachta ar bhóithre. Tugann sí isteach rangú struchtúrtha de réir sonraí a chomhtháthaíonn imbhuailtí stairiúla chomh maith le táscairí riosca atá bunaithe ar bhonneagar.

Tá an NWA eagraithe de réir ceithre chomhpháirt a thagann le chéile le go mbeifear in ann rangú córasach a dhéanamh ar leibhéil sábháilteachta ar fud chodanna tuaithe an ghréasáin bóithre náisiúnta:

  1. Córas Tagartha Líneach (LRS) – Cuireann sé struchtúr spásúil ar an NWA, lena gcinntítear go ndéantar sonraí frithghníomhacha agus réamhghníomhacha a léarscáiliú i suíomhanna ar leith sa ghréasán.
  2. Modheolaíocht Fhrithghníomhach – Déantar feidhmíocht sábháilteachta a mheasúnú bunaithe ar shonraí stairiúla faoi imbhuailtí. Léiríonn an cur chuige frithghníomhach na torthaí iarbhír agus tarraingíonn sé aird ar chodanna atá ina n-ábhair imní sábháilteachta.
  3. Modheolaíocht Réamhghníomhach – Comhlánaíonn sí an anailís fhrithghníomhach trí mheasúnú a dhéanamh ar fhadhbanna féideartha sábháilteachta, bunaithe ar dhálaí an bhonneagair. Baineann sí úsáid as Iniúchtaí Sábháilteachta ar Bhóithre (RSInna) agus aimsíonn sí fadhbanna sábháilteachta folaithe ar seans nach léireofaí i staidreamh imbhuailtí fós iad.
  4. Modheolaíocht Chomhtháite – Na comhpháirteanna frithghníomhacha agus réamhghníomhacha a thabhairt le chéile i scór sábháilteachta aontaithe le haghaidh gach cuid den ghréasán. Baintear úsáid as na scóir chun an gréasán a rangú de réir cúig leibhéal sábháilteachta, ó Leibhéal 1 (an leibhéal sábháilteachta is airde) go Leibhéal 5 (an leibhéal sábháilteachta is ísle).

Is féidir leat léarscáil Measúnaithe Sábháilteachta Bóithre ar fud an AE do Bhóithre Náisiúnta Príomha a fháil anseo

Anailís ar Shábháilteacht an Ghréasáin

Úsáideann Anailís ar Shábháilteacht an Ghréasáin sonraí faoi imbhuailtí agus faoi chiliméadair feithicle a taistealaíodh le measúnú a dhéanamh ar shábháilteacht bóithre náisiúnta agus le láithreacha a shainaithint ina dtiteann go leor imbhuailtí amach ar an ngréasán bóithre náisiúnta. Cuirtear aschur na hanailíse seo ar imbhuailtí i dtreo díriú ar bhearta réitigh bliantúla um shábháilteacht ar bhóithre.

Cuirtear gnás foirmiúil ar fáil sa Treoir ón AE maidir le Sábháilteacht an Bhonneagair Bóthair a Bhainistiú (EU RISM) le haghaidh Anailís ar Shábháilteacht an Ghréasáin, cé gur cuireadh a mhacasamhail de mhodhanna i bhfeidhm in Éirinn ó na 1970 idí ar aghaidh.

Déanann an Garda Síochána sonraí imbhuailtí a thaifeadadh agus úsáideann an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (an RSA) agus Bonneagar Iompair Éireann (TII) na sonraí seo ar mhaithe le cuspóirí taighde.

Sainaithnítear Láithreacha Ard-Imbhuailtí ina dhiaidh sin trí shuíomhanna a thagarmharcáil in aghaidh leibhéil tairsí (rátaí imbhuailtí agus minicíocht imbhuailtí) a bunaíodh do gach daonra tagartha faoi leith. Déantar athbhreithniú ar gach suíomh lena mbaineann minicíocht ard tuairte agus úsáidtear é chun cabhrú le haon phatrúin tuairte a aithint. Cabhraíonn sé seo lena chinneadh ansin an gcuirfidh frithbheart innealtóireachta feabhas ar fheidhmíocht sábháilteachta an tsuímh.

Cigireacht ar Bhearta Sealadacha Sábháilteachta (TSMI)

Cigireacht é TSMI ar shuíomhanna oibreacha bóthair ar an ngréasán bóithre náisiúnta. Is é cuspóir TSMI a chinntiú go bhfuil caighdeáin bhearta sealadacha sábháilteachta á gcur i bhfeidhm i gceart ag suíomhanna oibreacha bóthair agus le tionchair fhéideartha oibreacha bóthair ar shábháilteacht an tsrutha tráchta a chur i dtaifead.

Riachtanas de chuid EU RISM faoi Airteagal 6 é TSMI, a iarrann freisin go gcuirtear Cigireachtaí ar Shábháilteacht ar Bhóithre i bhfeidhm. Is iad BIÉ, Údaráis Áitiúla agus Gnóthairí Reachtúla nó Oibreoirí Bóithre a dhéanann cigireachtaí. Déanaimid cigireachtaí randamacha freisin ar bhearta sábháilteachta sealadacha de chuid na nÚdarás Áitiúil, na nGnóthairí Reachtúla agus na nOibreoirí Bóithre lena chinntiú go bhfuil na riachtanais á gcomhlíonadh.

Cigireachtaí ar Shábháilteacht ar Bhóithre (RSI)

Tá sé mar aidhm ag Cigireachtaí um Shábháilteacht ar Bhóithre (RSInna) sábháilteacht an Ghréasáin Náisiúnta Bóithre a fheabhsú. Sainaithnítear sna cigireachtaí seo aon earraí a bhaineann le sábháilteacht óna dteastaíonn athbhreithniú breise, agus a bhféadfadh réiteach dearaidh a bheith ag teastáil uathu. Ní áirítear leis na cigireachtaí seo gnáthearraí cothabhála a shainaithnítear agus a cheartaítear trí phróisis eile TII. Tugtar faoi RSI ar gach bóthar náisiúnta, tolláin san áireamh. Tá cigireacht le déanamh ar gach bealach ar a laghad gach cúig bliana. Cuirfear coimre chigireachta agus na rátaí imbhuailtí don Ghréasán Bóithre Náisiúnta ar fáil d’fhoirne RSI sula dtabharfaidh siad cuairt ar an suíomh.

Measúnacht Tionchair ar Shábháilteacht ar Bhóithre (RSIA)

Is measúnú straitéiseach é RSIA ar thionchar roghanna pleanála éagsúla do bhóthar nua, nó do mhodhnuithe substaintiúla ar bhóthar atá ann cheana, ar fheidhmíocht sábháilteachta an ghréasáin bóithre. Tá RSIA ag teastáil do thionscadail den sórt sin ar an nGréasán Bóithre Náisiúnta agus moltar é do scéimeanna den chineál céanna ar bhóithre áitiúla agus réigiúnacha.

Iniúchtaí ar Shábháilteacht ar Bhóithre (RSA)

Déanann RSAnna meastóireacht ar scéimeanna bóithre le linn na céime deartha agus tógála chun guaiseacha féideartha a shainaithint. Is riachtanas AE iad na hiniúchtaí seo, a dhéantar ar gach tionscadal bonneagair bóithre náisiúnta nua agus ar aon scéim a mbíonn athrú buan ar leagan amach an bhóthair nó ar thaobh an bhóthair mar thoradh uirthi. Moltar iniúchtaí freisin maidir le hathruithe comhchosúla ar an ngréasán bóithre áitiúil agus réigiúnach. Le linn RSA breathnaíonn an fhoireann iniúchóireachta ar an scéim ó thaobh gach úsáideora bóthair, agus aird ar leith á tabhairt ar riachtanais úsáideoirí soghonta bóthair. Aithníonn foireann RSA fadhbanna sábháilteachta féideartha laistigh den scéim agus déanann siad moltaí don dearthóir chun tarlú tuairte, agus a dhéine is atá siad, amach anseo a íoslaghdú.