Sábháilteacht Iarnróid Éadroim

Tá sábháilteacht chustaiméirí agus foireann Luas ar bharr thosaíochtaí an TII.

Oibríochtaí Luas

Oibríonn Transdev Dublin Light Rail Teo. Líne Dhearg agus Líne Ghlas Luas faoi chonradh do TII. Is é Transdev Dublin Light Rail Teo. an "Eagraíocht Iarnróid" agus sealbhóir oibríochta an "Doiciméad Bainistíochta Sábháilteachta", mar a cheanglaítear leis an Acht um Shábháilteacht Iarnróid 2005 [arna leasú le I.R. Uimh. 476/2020 - Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Sábháilteacht Iarnróid) 2020] as oibriú Luas.

Tá Transdev freagrach as cothabháil an bhonneagair agus an rothstoic. Is é TII úinéir sócmhainní bhonneagar seasta agus rothstoc Luas agus tá sé freagrach mar sin as a chinntiú go mbíonn fócas straitéiseach dírithe ar bhainistiú an bhonneagair agus an rothstoic.

Déanann TII monatóireacht leanúnach ar fheidhmíocht sábháilteachta Luas agus déanann anailís ar eachtraí agus ar thimpistí chun treochtaí agus ceisteanna a aithint. Oibrímid i ndlúthchomhar le Transdev Dublin Light Rail Ltd agus lena bhfochonraitheoirí cothabhála chun ardleibhéal sábháilteachta a choinneáil ar bun agus a fheabhsú. Áirítear leis sin oibriú le príomhpháirtithe leasmhara agus le páirtithe a ndéanann an obair difear dóibh. 

Má éiríonn ceisteanna nó eachtraí a bhaineann le sábháilteacht as an idirghníomhaíocht idir tríú páirtithe agus Luas, tá straitéis ag TII agus Transdev an bonneagar a fheabhsú, córais nua sábháilteachta a cheapadh agus feachtais sábháilteachta a fhorbairt chun cur i gcoinne na rioscaí ábhartha. 

Luas Safety sign
luas image

Feachtais Sábháilteachta

Déanann TII i gcomhpháirt le Transdev Dublin Light Rail Teo feachtais sábháilteachta a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm. Tá tuilleadh eolais faoi shábháilteacht ar an Luas le fáil ag www.luas.ie/safety/

Iarratas ar Ghlacadh (AFA)

Leis an Acht um Shábháilteacht Iarnróid, 2005 [arna leasú le I.R. Uimh. 476/2020 - Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Sábháilteacht Iarnróid) 2020], cuirtear d'oibleagáid ar Eagraíochtaí Iarnróid Iarratas ar Ghlacadh (AFA) le haghaidh Oibreacha Iarnróid Éadroim Nua nó Rothstoc Iarnróid Éadroim Nua a chur faoi bhráid an Choimisiúin um Rialáil Iarnróid (CRR) sula dtabharfar ceachtar den dá cheann in úsáid. Forbraíonn BIÉ agus déanann iarratas ar an Iarratas ar Ghlacadh riachtanach le haghaidh Oibreacha Iarnróid Éadroim Nua nó Rothstoc Iarnróid Éadroim Nua.

Breis Eolais

Le haghaidh breis eolais ar Shábháilteacht Luas, Feasacht ar Shábháilteacht Bhunúsach Trambhealaigh agus le haghaidh Cód Cleachtais d'oibreacha ar Trambhealach Luas nó  cóngarach leis téigh go dtí www.luas.ie