Sábháilteacht Tógála

Tá sláinte agus sábháilteacht gach duine atá fostaithe ar thionscadail tógála BIÉ, nó a ndéanann na hoibreacha difear dóibh, thar a bheith tábhachtach dúinn. 

Tá coinne againn leis go ndéanfar an obair ar fad i gcomhlíonadh leis na Rialacháin um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair 2005; Na Rialacháin um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair (Feidhm Ghinearálta) 2007 á 2020, na Rialacháin um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair (Tógáil) 2013 agus gach Rialachán, Cóid Chleachtais agus Treorach reatha eile is infheidhme. 

Tá sé mar aidhm ag na rialacháin sin oibrithe a chosaint ar thimpistí agus drochshláinte le linn na tógála. Faoi na Rialacháin agus ag brath ar an tsamhail soláthair a bhunófar do gach tionscadal, mar Chliant, ceapfaidh BIÉ sainchomhairleoirí agus/nó conraitheoirí chun tabhairt faoi na róil Maoirseoir Tionscadail le haghaidh Chéim an Deartha (PSDP), agus Maoirseoir Tionscadail le haghaidh Chéim na Tógála (PSCS).  

Déanaimid iniúchtaí sábháilteachta chun faireachán agus seiceáil a dhéanamh ar fheidhmíocht na gconraitheoirí atá ag obair ar thionscadail BIÉ.

Construction Safety
Construction Safety on site
Safet in construction

Sábháilteacht Tógála Bóthair

Tá an-mheas ag Bonneagar Iompair Éireann ar shábháilteacht a mball foirne ar fad agus ar shábháilteacht gach duine a ndéanann ár n-oibríochtaí difear dóibh. Chuige sin, tá roinnt beart tugtha isteach againn le blianta beaga anuas chun feabhas a chur ar an gcaighdeán sábháilteachta san earnáil tógála bóithre. Trí chlár a thabhairt isteach chun cigireachtaí a dhéanamh ar shábháilteacht ar láithreáin, bhíomar in ann cur chuige leanúnach ar bhainistíocht sábháilteachta a bhaint amach. Is féidir linn tagarmharc a leagan síos i gcoinne chaighdeáin an tionscal, rud a cheadaíonn dúinn feabhas a chur ar chaighdeáin sábháilteachta lenár gcomhpháirtithe seachadta.

Lámhleabhar Nótaí Comhairle Sláinte agus Sábháilteachta maidir le Scéimeanna Bóthair a Thógáil

Tá breac-chuntas ar an méid a mbíonn Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) ag súil leis sa lámhleabhar Nóta Faisnéise maidir le Sláinte agus Sábháilteacht agus Scéimeanna Bóithre á dTógáil. Tá na nótaí faisnéise sin curtha i dtoll a chéile bunaithe ar chásanna a chonacthas nuair a rinneadh Cigireachtaí ar Shábháilteacht ar Láithreáin agus Cigireachtaí ar Bhearta Sábháilteachta Sealadacha.

  • Tá sraith léaráidí sa lámhleabhar a thaispeánann dea-chleachtais agus droch-chleachtais sa tionscal.
  • Tá sé leagtha amach le bheith soiléir agus simplí, chun cuidiú le feabhsú ar gach láithreán BIÉ a thabhairt chun cinn.
  • Le próiseas réamhphleanála le haghaidh gach tasc, cinnteofar go mbeidh próiseas ar bun chun cosc a chur ar thimpistí agus chun ardchaighdeán sábháilteachta a choinneáil ar bun.

Is uirlis chumarsáide den scoth iad na nótaí comhairle seo chun foghlaim agus dea-chleachtais a roinnt atá á n-úsáid ar thionscadail ar fud an tionscail - Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara freisin, trí na nótaí comhairle seo a eisiúint, nach bhfuilimid ag rá gurb é seo an bealach ceart agus is sábháilte chun cinn. ach comhairle gurb é seo an bealach is fearr a chonaiceamar le linn iniúchtaí.