Tiománaithe faoi Mhíchumas agus Díolúintí ó Dhola

Tá feithiclí atá oiriúnaithe do dhaoine faoi mhíchumas saor ó dholaí ar gach dolabhóthar sa stat.

Tiománaithe faoi Mhíchumas agus Dolaí

DTES Logo

Tá feithiclí atá oiriúnaithe do dhaoine faoi mhíchumas saor ó dholaí ar gach dolabhóthar sa stat.  

Cad é an Scéim Díolúine ó Dholaí do Dhaoine faoi Mhíchumas?

Bhunaigh Bonneagar Iompair Éireann an DTES lena ligean d’fheithiclí a bunathraíodh do dhaoine faoi mhíchumas a cháilíonn do dhíolúine faoi Scéim Faoisimh Cánach na gCoimisinéirí Ioncaim do Thiománaithe agus Paisinéirí faoi Mhíchumas a bheith díolmhaithe ó mhuirir a ghearrtar ar bhóithre dola na hÉireann. Tiocfaidh an Scéim Náisiúnta seo in ionad na gcártaí a d’eisigh Dola-Phláis aonair roimhe seo.

Cad iad na tairbhí a bhaineann le clárú don scéim?

A luaithe a cláraíodh agus a faomhadh d’fheithicil, eiseofar diosca duit is gá a ghreamú do ghaothscáth na feithicle. Ceadóidh seo do do chuid feithiclí a bunathraíodh do dhaoine faoi mhíchumas chun tiomáint gan stró ar bith trí gach Dola-Phlás in Éirinn.

Cé chomh fada a bheidh an diosca bailí?

I ndiaidh go n-eisítear é, beidh an diosca bailí ar feadh tréimhse 2 bhliain. Nuair a éagfaidh sé, is féidir iarratas a dhéanamh ar dhiosca nua trí úsáid a bhaint as na nósanna imeachta a dtugtar cuntas orthu thuas.

Cá ndéanaim iarratas ar an scéim?

Tá sé simplí chun iarratas a dhéanamh ar an scéim. Tá ort ár bhfoirm chlárúcháin ar líne a líonadh atá ar fáil ag www.dtes.ie nó glao gutháin a chur ar ár n-uimhir áitiúil 1800 11 55 00 agus cabhróidh ár nOibreoirí leat le d’iarratas.

Tá Seirbhísí Tacaíochta do Chustaiméirí ar fáil ag:

An Scéim Díolúine ó Dholaí do Dhaoine faoi Mhíchumas
faoi chúram Easytrip, 
Teach EA, 
Baile Dama, 
Baile Átha Cliath 15. 

Guthán: 1800 11 55 00
Ríomhphost: customercare@dtes.ie
Láithreán Gréasáin:www.dtes.ie

Please note: Disabled motorists driving adapted vehicles continue to be exempt on arrival at all toll roads within Ireland.

Díolúintí eile ó Tháillí Dola

Tá díolúintí ann ó tháillí dola d'fheithiclí áirithe in Éirinn. Is iad sin, feithiclí ar leis na Fórsaí Cosanta iad nó a úsáideann siad, feithiclí a úsáideann An Garda Síochána, an bhriogáid dóiteáin agus otharchairr.