Scéim Deontais ZEVI BIÉ maidir le Bonneagar Luchtaithe LDV EV Faoi Bhealach

 

Táimid ag obair lenár gcomhpháirtithe Feithiclí Astaíochtaí Nialasacha Éireann (ZEVI) chun géarú ar luas soláthair bonneagair athluchtaithe Feithiclí Leictreacha (EV) ar fud Ghréasán Bóithre Náisiúnta na hÉireann ach rannpháirtíocht a dhreasú ón earnáil phríobháideach.

EV charging

Scéim Deontais LDV Céim a Trí

Phase 3 of the TII EV Recharging Infrastructure LDV National Road Grant Scheme programme, focusing on 3,000km of non-Ten-T national single carriageway roads, was launched by TII and ZEVI in February 2025. In October 2025, the Minister for Transport Darragh O’Brien announced the locations of 90 new high-powered recharging pools to be rolled out under this scheme on the National Road Network.

A total of 192 high-powered recharging points will be built across the 90 recharging pools, providing an additional 22,000 kilowatts (20 Megawatts) of recharging capacity. Each of these recharging pools provides fast and ultra-fast recharging points, so that people can charge their EVs quickly. The infrastructure will be built by the private sector, grant aided by the Department of Transport. The list of successful applicants is available here

Céim 1, Babhta 2

Seoladh an chéad Scéim Deontais de chuid Feithiclí Astaíochtaí Nialasacha Éireann (ZEVI) um Bonneagar Athluchtaithe Feithiclí Leictreacha do Bhóithre Náisiúnta le haghaidh Feithiclí Saothair Éadroim (LDV) go luath in 2024. I mí Iúil 2024, fógraíodh suíomhanna 17 gcomhthiomsú athluchtaithe ardchumhachta nua atá le rolladh amach faoin scéim seo.

I mí na Samhna 2024, seoladh an dara babhta faoin scéim seo chun soláthar bonneagair athluchtaithe i limistéir shonracha (foranna) a spreagadh, áiteanna nárbh fhéidir deontais a dhámhachtain sa chéad bhabhta.

  • Is féidir suíomhanna na bhforanna sin a fháil sa léarscáil anseo.
  • Tá tuilleadh eolais le fáil i mbileog na scéime anseo.

Tá an Scéim seo dúnta anois d’iarratais agus tá measúnú ar siúl. Foilseofar torthaí na scéime nuair a bheidh an próiseas críochnaithe.

Céim 2

Arna sheoladh i mí Dheireadh Fómhair 2024 i gcomhar leis an Roinn Iompair agus Feithiclí Astaíochtaí Nialasacha Éireann (ZEVI), is í an dara céim í an scéim deontais i gclár BIÉ chun dlús a chur le bonneagar athluchtaithe Feithiclí Leictreacha (EV) a fhorbairt ar fud Ghréasán Bóithre Náisiúnta na hÉireann.

Le Céim a Dó de Scéim Deontais BIÉ de chuid Feithiclí Astaíochtaí Nialasacha Éireann (ZEVI) um Bonneagar Athluchtaithe Feithiclí Leictreacha le haghaidh Feithiclí Saothair Éadroim (LDV), dírítear ar 1200km+ de bhóithre náisiúnta aonbhealaigh, leis an aidhm chun tacú le feidhmiú céimneach 300kW ar a íosmhéid de bhonneagar athluchtaithe feithiclí leictreacha ar eatraimh chothroma feadh an Ghréasáin Bóithre Náisiúnta. Leis an tionscnamh seo tairgtear deis iomaíoch don rannpháirteachas ón earnáil phríobháideach, rud a chuirfidh chun cinn an nuálaíocht agus a chuirfidh feabhas ar éifeachtúlacht agus an bonneagar athluchtaithe feithiclí leictreacha á fhorbairt.

Mionsonraí

  • Dírítear an scéim ar oibreoirí stáisiún peitril / seirbhíse, úinéirí carrchlós, óstáin, ollmhargaí / ionaid mhórdhíola, agus ar aon duine a bhfuil suíomh inrochtana go poiblí acu laistigh d’achar tiomána 3km ó bhóithre na Scéime.
  • Próiseas iomaíoch deontais atá sa tionscnamh, agus dámhfar é i gcomhréir le rialacha cistiúcháin Státchabhrach de minimis an Aontais Eorpaigh.
  • Leis an gcabhair deontais tabharfar tacaíocht do na costais chaipitil a bhaineann le bonneagar nua athluchtaithe a shuiteáil, cistiú suas le 70% de chostais incháilithe, suas chuig uasleibhéal ceadaithe €300k.
  • I measc na gcostas incháilithe faoin scéim seo tá tógáil, suiteáil, uasghrádú, nó síneadh le bonneagar athluchtaithe, chomh maith le hoibreacha innealtóireachta comhbhainteacha agus táillí toilithe forbartha na nÚdarás Áitiúil.
  • Tá tuilleadh eolais le fáil i Bróisiúr na Scéime.
  • Táthar ag ceapadh go mbeidh an bonneagar athluchtaithe nua a chisteofar faoin scéim seo curtha i mbun feidhme agus ar fáil d’úsáid ag an bpobal faoi mhí na Nollag 2025.

Tá an Scéim dúnta anois d’iarratais agus tá measúnú ar siúl. Foilseofar torthaí na scéime nuair a bheidh an próiseas críochnaithe.

Céim 1

I mí Feabhra 2024, sheol BIÉ agus ZEVI an chéad Scéim Deontais de chuid Feithiclí Astaíochtaí Nialasacha Éireann (ZEVI) um Bonneagar Athluchtaithe Feithiclí Leictreacha do Bhóithre Náisiúnta le haghaidh Feithiclí Saothair Éadroim (LDV). I mí Iúil 2024, d’fhógair an tAire Iompair Eamon Ryan suíomhanna 17 gcomhthiomsú athluchtaithe ardchumhachta nua atá le rolladh amach faoin scéim seo ar an nGréasán Bóithre Náisiúnta.

Tógfar 131 pointe athluchtaithe ardchumhachta san iomlán trasna 17 gcomhthiomsú athluchtaithe lena soláthraítear acmhainn athluchtaithe de 24,260 cileavata (24 meigeavata).

Le gach ceann de na comhthiomsuithe athluchtaithe sin soláthraítear bainc de phointí athluchtaithe Tapa agus Fíorthapa, ionas gur féidir le daoine a EVanna a luchtú go tapa. Gnó príobháideach a thógfaidh an bonneagar, agus deontas i gcabhair á thabhairt ag an Roinn Iompair dó sin. Ba iad seo na hiarratasóirí ar éirigh leo:

 

IARRATASÓIR AINM AN tSUÍMH UIMHIR ACOMHAIL PASÁISTE
Ríomhchumhacht Baile Mhic Scanláin, Contae Lú JN 18 M1
Ríomhchumhacht Plás Phort Laoise, Contae Laoise JN 17 M7
Applegreen Electric Cnocán an Éin Fhinn, Contae Thiobraid Árann JN 27 M7
Ríomhchumhacht Plás Barack Obama, Contae Thiobraid Árann JN 23 M7
Circle K Maigh Nuad, Contae Chill Dara JN 7 M4
Applegreen Electric An Muileann gCearr, Contae na hIarmhí JN 15 M4
Maxol Ráth Naoi, Contae Chill Mhantáin JN 16 M11
Ríomhchumhacht Plás Inse, Contae an Chláir JN 12 M18
Applegreen Electric Cluain Draighneach, Contae Luimnigh JN 4 M18
Ríomhchumhacht Plás Thuama, Contae na Gaillimhe JN 20 M17
Ríomhchumhacht Plás Gaillimhe, Contae na Gaillimhe JN 16 M6
Applegreen Electric Béal Átha na Sluaighe, Contae na Gaillimhe JN 15 M6
Applegreen Electric Baile Phóil, Contae Chill Chainnigh JN 7 M9
Circle K Cill Choileáin, Contae Chill Dara Between JN 2 and JN 3 M9
Applegreen Electric Dún Seachlainn, Contae na Mí JN 6 M3
Applegreen Electric Páirc Mhiondíolaíochta na hUaimhe, Contae na Mí JN 9 M3
Weev Óstán Pillo Chill Dhéagláin, Contae na Mí JN 4 M2

Scéimeanna Todhchaí

Táimid tiomanta do bhonneagar athluchtaithe EV a fheabhsú a thuilleadh, ag tacú le cumhdach cuimsitheach agus glacadh EV forleathan á spreagadh. Tá scéimeanna deontais LDV breise ar bord á bhforbairt agus leo sin féachfaimid le haghaidh a thabhairt ar aon réimsí den ghréasán lena n-éilítear tacaíocht bhreise.