Cead tugtha ag an Rialtas do MetroLink dul ar aghaidh chuig an gcéim tairisceana mhionsonraithe
Tá cead faighte inniu ag an Aire Iompair, Darragh O’Brien, ón gComh-Aireacht chun MetroLink a chur ar aghaidh chuig an gcéim tairisceana mhionsonraithe; sa chéim sin, lorgófar tairiscintí ón margadh agus roghnófar comhpháirtithe chun MetroLink a thógáil agus a oibriú. Is cloch mhíle shuntasach í seo do MetroLink. Táthar chun tús a chur le mór-oibreacha ullmhúcháin ar an láthair go luath an bhliain seo chugainn, le hobair throm tollánaithe tógáil na stáisiún ina dhiaidh sin.
Beidh MetroLink ar an tionscadal aonair is mó in Éirinn ó tógadh stáisiún hidreachumhachta Ard na Croise sna 1920idí, agus beidh na mílte oibrí páirteach ann chun tairbhí straitéiseacha a sheachadadh do na glúnta atá le teacht. Mar iarnród ardlín leictreach, gan tiománaí agus den chuid is mó faoi thalamh, beidh MetroLink ar an gcéad cheann dá leithéid ar an oileán. Ní hamháin go bhfreastalóidh MetroLink ar na céadta mílte duine feadh an bhealaigh i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath, beidh sé comhtháite le seirbhísí iarnróid throma, DART, Luas agus bus, mótarbhealach an M1, agus Aerfort Bhaile Átha Cliath - rud a athróidh nascacht thar réigiún leathan.
An Taoiseach Micheál Martin:
“Leis an gceadú inniu léirítear tiomantas an Rialtais infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar nua. Cabhróidh MetroLink ár bpríomhchathair a dhéanamh ina háit níos fearr agus níos inbhuanaithe le maireachtáil, taisteal, sóisialú agus obair inti. Tá an-áthas orm go bhfuil an Rialtas tar éis MetroLink a chur ar aghaidh chuig an gcéim soláthair mionsonraithe le haghaidh conarthaí tógála agus oibríochta ar fiú na billiúin euro iad, agus leanfaimid orainn ag tacú leis an tionscadal tríd an gcéim tógála.”
An Tánaiste Simon Harris:
“Is cloch mhíle thábhachtach í cinneadh an lae inniu maidir le tionscadal mór iompair phoiblí a chur i gcrích; cruthóidh sé nasc idir ár bpríomhchathair agus líonraí náisiúnta iompair agus neartóidh sé ár ngeilleagar chomh maith lenár n-iomaíochas mar thír.
Trí sheirbhís iompair phoiblí a bheidh tapa, minic agus iontaofa a chur ar fáil, feabhsóidh MetroLink an rochtain ar áiseanna oideachais agus sláinte, ar phoist, agus ar chlubanna spóirt, páirceanna agus clóis súgartha. Tá ról lárnach ag tionscadail mar seo an tír a theastaíonn ónár ndaonra atá ag fás a thógáil, trí chabhrú le pobail a nascadh agus tithíocht nua a chur ar fáil."
An Aire Iompair Darragh O’Brien:
“Cuirim fáilte roimh an dul chun cinn tábhachtach atá déanta inniu i leith MetroLink — tionscadal iompair ríthábhachtach a chabhróidh le plódú tráchta a laghdú, le teacht ar Aerfort Bhaile Átha Cliath a fheabhsú agus le forbairt tithíochta nua ar scála mór, a bhfuil géarghá léi, a chur ar fáil.
“Le MetroLink tacófar le soláthar thart ar 77,000 teach nua feadh a bhealaigh agus, trína chomhtháthú le seirbhísí iompair phoiblí eile, tacófar le sé le suas le 200,000 teach nua a chur ar fáil ar fud Limistéar Mórcheantar Bhaile Átha Cliath.”
“Is claochlú mór é seo do Bhaile Átha Cliath agus don réigiún i gcoitinne agus muid ag obair chun tuilleadh tithe a sholáthar do dhaonra atá ag fás. Ní hamháin go n-athróidh MetroLink an nascacht agus an rochtain go mór, ach neartóidh sé ár n-iomaíochas eacnamaíoch, tacóidh sé le fás inbhuanaithe agus scaoilfidh sé acmhainneacht forbartha na bpobal ar fud Limistéar Mórcheantar Bhaile Átha Cliath.
“Le MetroLink tacaítear leis an dícharbónú freisin trí rogha iontaofa ísealcharbóin a chur ar fáil in áit taistil i gcarranna príobháideacha, rud a chabhraíonn le trácht bóthair, astaíochtaí a bhaineann le hiompar agus an lorg carbóin foriomlán ar fud an réigiúin a laghdú.”
An tAire Stáit ag an Roinn Iompair Seán Canney:
“Is cinneadh dearfach é an ceadú seo don gcúram Aire iompair ar fad. Déanfaidh na pointí aistrithe ag Glasnaíon agus Sráid Tara, mar aon leis an tsaoráid ‘Páirceáil agus Taisteal’ ag Estuary, MetroLink agus na ceann scríbe éagsúla a bhaineann leis a bheith inrochtana go héasca ag paisinéirí a bheidh ag aistriú ó sheirbhísí iarnróid throma nó ó ghluaisteáin. Is comhartha láidir don mhargadh é an cinneadh freisin go bhfuil an Rialtas seo dáiríre faoi na pleananna atá againn a chur i gcrích; beidh tionchar dearfach aige sin ar an gcuid eile dár gcúram Aire uaillmhianach de thionscadail iompair.”
Tagann an chloch mhíle thábhachtach seo inniu i ndiaidh athbhreithniú comhpháirteach a rinne an Roinn Iompair agus an tÚdarás Náisiúnta Iompair (NTA) ar Chás Gnó Mionchruinn (DBC) faoi Chéim Cheadaithe 2 de na Treoirlínte Bonneagair. Tá an costas measta do MetroLink (lena n-áirítear ciste teagmhais agus boilsciú, ach gan CBL a áireamh) mar atá leagtha amach sa Chás Gnó Mionchruinn idir €14.44 billiún agus €17.49 billiún, agus meastachán lárnach de €15.75 billiún i gceist. Léiríodh go sáraíonn na tairbhí a bhaineann le MetroLink na costais, lena n-áirítear amanna taistil níos giorra agus laghdú ar bhrú tráchta. Ní bheidh raonta costais cinnte do MetroLink ar eolas go dtí go bhfaighfear na tairiscintí ón margadh an bhliain seo chugainn.
Key features of Metrolink include:
- 19 km of new metro railway, mostly underground, connecting Estuary/Swords to Charlemont, with stations serving key destinations including Dublin Airport, Ballymun, Glasnevin, Dublin City University, the Mater and Rotunda Hospitals, and Dublin city centre;
- High-frequency service with 64 metre trains operating every 3 minutes at peak in each direction on opening, with 16 accessible and high-quality stations on the route;
- Designed to move up to 20,000 passengers per direction/hour, over double the carrying capacity of the current Luas Green Line;
- Given its high capacity and direct integration into public transport services such as DART and Luas, MetroLink delivers a magnifying effect for transport connectivity across Dublin and beyond;
- Provides wide strategic and societal benefits such as better accessibility for citizens to jobs and services, increased environmental sustainability, and facilitation of new housing developments of significant scale across the Greater Dublin Area.
The Government will build on the momentum to date to bring MetroLink into construction, working with the transport agencies to provide a world-class piece of new infrastructure for the country.

Further information
For more information on MetroLink visit www.metrolink.ie.
Published: 16.09.2026