Fógraíonn an tAire O’Brien Tionscadal Bhóthar an M28 ó Chorcaigh go Rinn an Scidígh

D’fhógair an tAire Iompair Darragh O'Brien go ndearna an Chomh-Aireacht Tionscadal Bhóthar an M28 ó Chorcaigh go Rinn an Scidígh a fhaomhadh inniu agus go rachfar ar aghaidh láithreach chuig céim na tógála. Is éard atá i gceist leis an tionscadal ná thart ar 11km de mhótarbhealach a thógáil ó Acomhal Ghort na mBláth an N40 go Bearn na hÉille, le bóthar cosanta carrbhealaigh aonair 1.5km ag nascadh leis an taobh thoir de Rinn an Scidígh. Tá an chuid 1.5km sin á dhéanamh mar “réamhoibreacha” agus tá sé á tógáil cheana féin.

Cuirfear an tionscadal seo in áit an N28 atá ann, nár dearadh chun freastal ar na méideanna tráchta atá ann faoi láthair. Cuirfidh sé feabhas mór ar shábháilteacht ar bhóithre agus laghdófar an fhéidearthacht d’imbhuailtí mar thoradh. Cuirfidh sé feabhas freisin ar an rochtain ar Chalafort Chorcaí ag Rinn an Scidígh, lena gcumasófar gníomhaíochtaí calafoirt a aistriú ó Tivoli i lár chathair Chorcaí. Ina dhiaidh sin, éascóidh sé sin athfhorbairt tailte ag Tivoli chun críocha cónaithe agus tráchtála. Is é thart ar €456 milliún costas measta iomlán na scéime do Thionscadal Bhóthar an M28 ó Chorcaigh go Rinn an Scidígh agus tógfaidh sé suas le trí bliana é a chur i gcrích.

Tar éis fhaomhadh na Comh-Aireachta inniu, dúirt an tAire Darragh O’Brien:

 “Cuirfidh an mórthionscadal bóthair nua seo feabhas mór ar an rochtain ar Chalafort Chorcaí ag Rinn an Scidígh, lena gcinnteofar go n-aistreofar earraí go sábháilte agus go héifeachtúil chuig an gcalafort agus uaidh, agus ag an am céanna tacófar le gníomhaíochtaí breise an chalafoirt go Rinn an Scidígh.

“Mar thoradh air sin, is féidir tailte ag Duganna Tivoli i gcathair Chorcaí a athúsáid le haghaidh forbairt chónaithe agus tráchtála a bhfuil géarghá léi. Cuirim fáilte freisin roimh an tionchar dearfach a bheidh ag an tionscadal ar amanna turais do chomaitéirí chomh maith lena ról maidir le plódú a mhaolú agus cáilíocht an aeir a fheabhsú sa Seanbhaile agus i Rinn an Scidígh.”

Dúirt an tAire Stáit atá freagrach as Iompar Idirnáisiúnta agus de Bhóthar, Lóistíocht, Iarnród agus Calafoirt, Seán Canney:

“Cuirfidh an tionscadal seo feabhas ar shábháilteacht ar bhóithre do gach úsáideoir bóthair a thaistealaíonn chuig Rinn an Scidígh agus amach uaidh. Is cúis áthais dom freisin go gcuimsítear roinnt gnéithe taistil ghníomhaigh ann a mheallfaidh comaitéirí agus cónaitheoirí áitiúla chun siúl nó rothaíocht air.”

Dúirt tAire Stáit um Iompar, Jerry Buttimer, atá freagrach as cúrsaí taistil faoin tuath:

“Cuirim fáilte roimh fhaomhadh thionscadal an M28. Chomh maith leis na tairbhí a chuirfidh sé ar fáil i ndáil le rochtain ar an gcalafort i Rinn an Scidígh agus le sábháilteacht ar bhóithre, rachaidh an tionscadal chun tairbhe mhuintir Chorcaí freisin le tuilleadh forbartha ar iompar poiblí bunaithe ar bhusanna, agus trí amanna turais a laghdú dóibh siúd a bhíonn ar a gcomaitéireacht laethúil. Mar TD i gCorcaigh Theas-Lár, tá an tionscadal seo á phlé agam le pobail agus gnóthaí leis na blianta fada anuas. Tá an-áthas orm go bhfuil sé á sheachadadh agus go bhfuil sé ina thosaíocht don rialtas seo.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Bhonneagar Iompair Éireann (BIÉ), Peter Walsh:

“Nuair a chuirfear tionscadal 12.5km an M28 ó Chorcaigh go Rinn an Scidígh i gcrích, soláthrófar nasc ardchaighdeáin mótarbhealaigh le ceann de chalafoirt domhainuisce na hÉireann i Rinn an Scidígh, lena gcumasófar taisteal níos sábháilte agus faoiseamh brú tráchta a bhfuil géarghá leis do chónaitheoirí agus do ghnóthaí araon. Cuirfidh sé nasc tábhachtach eile i gcrích sa Ghréasán Tras-Eorpach Iompair (TEN-T), atá ina ghréasán iompair ríthábhachtach a