Déanann an tAire O’Brien, Egis Éireann agus BIÉ ceiliúradh ar bhronnadh conradh nua chun Tollán Bhaile Átha Cliath agus Tollán Jack Lynch a oibriú agus a chothabháil, agus monatóireacht a dhéanamh ar 1,200km de mhótarbhealach 24/7
Tá Tollán Bhaile Átha Cliath á oibriú ag Egis ó d’oscail sé in 2006 agus tá uasghráduithe suntasacha agus inbhuanaithe curtha i bhfeidhm acu i gcomhpháirt le Bonneagar Iompair Éireann
Tá conradh nua bronnta ar Egis, ceann de na gnólachtaí comhairleoireachta, innealtóireachta agus oibríochtaí ildisciplíneacha is mó sa tír, chun Tollán Bhaile Átha Cliath agus Tollán Jack Lynch i gCorcaigh a oibriú agus a chothabháil
Bhronn Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) an conradh ocht mbliana, is féidir a shíneadh ar feadh ocht mbliana eile, ar Egis in Éirinn tar éis próiseas tairisceana agus áirítear ann oibriú 24/7 an Lárionaid Rialaithe um Oibríochtaí Mótarbhealaí (MOCC), a dhéanann monatóireacht ar os cionn 1,200km de mhótarbhealaí na tíre. Má shínítear chuig 16 bliana é, d’fhéadfadh luach €600 milliún gan CBL san áireamh a bheith leis an gconradh iomlán
D’fhreastail an tAire Iompair Darragh O’Brien ar an MOCC, i dteannta Pat Maher, Stiúrthóir um Bainistíocht Gréasáin BIÉ, agus Steve Preece, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Egis in Éirinn, agus Pierre-Yves Massille, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Domhanda Líne Ghnó Chomhairliúcháin agus Oibríochtaí Egis, chun comóradh a dhéanamh ar shíniú an chonartha.
Is é an conradh seo an trí huair as a chéile a ghnóthaigh Egis an conradh chun Tollán Bhaile Átha Cliath a bhainistiú agus a oibriú, ag síneadh comhpháirtíocht fhada na cuideachta le BIÉ.
Sa chonradh is déanaí cuirtear Oibríochtaí Bóthair agus Tolláin Egis (ERTO) i gceannas ar bhainistíocht oibríochtúil iomlán ar thrí shócmhainn ríthábhachtacha náisiúnta – Tollán Bhaile Átha Cliath, Tollán Jack Lynch agus MOCC.
Faoin gcomhaontú nua, déanfaidh Egis maoirsiú ar oibríochtaí dola agus ar bhainistiú ar ioncam dola ag Tollán Bhaile Átha Cliath, fad is a ghlacfaidh siad freagracht freisin as raon leathan seirbhísí ríthábhachtacha lena n-áirítear cothabháil ghnáthrialta agus fhreagrúil, comhlíontacht um shábháilteacht dóiteáin, agus oibriú agus cothabháil phríomhbhonneagair amhail córais leictreachais, draenála, aeraithe agus soilsithe.
Ag úsáid acmhainní fairsinge MOCC agus an bhonneagair lena mbaineann scaipthe ar fud an ghréasáin, déanfaidh Egis monatóireacht ar thimpeall 1,200km de mhótarbhealach, ag idirchaidreamh le soláthraithe seirbhíse éagsúla chun freagairt optamach d’eachtraí a chinntiú. I láithreacha cosúil leis an M50, áit a bhfuil clúdach beagnach iomlán ceamaraí, tá sé de chúram ar Egis eachtraí a bhrath agus freagairt a chomhordú, monatóireacht agus rialú a dhéanamh ar thrácht agus comhordú díreach a dhéanamh le conraitheoirí cothabhála agus seirbhísí éigeandála le linn eachtraí.
Ina theannta sin, bainisteoidh Egis glaonna ó 1,600 teileafón éigeandála le taobh an bhóthair ar fud na hÉireann agus beidh siad freagrach as oibriú na gcomharthaí teachtaireachta athraitheacha a thugann faisnéis fíor-ama d'úsáideoirí bóthair ar fud an ghréasáin.
Mar chuid den chonradh, ailíneoidh Egis a oibríochtaí le Plean Forfheidhmithe Inbhuanaitheachta BIÉ. Áireofar anseo rún chun 100% d’fhuinneamh oibríochtúil a fháil ó fhoinsí in-athnuaite ón gcéad lá agus leanúint ar aghaidh ag aistriú an bhonneagair chuig neodracht ó thaobh astaíochtaí.
Mar oibreoirí reatha ar Thollán Bhaile Átha Cliath, tá sraith feabhsúchán curtha i bhfeidhm ag Egis cheana féin nó tá siad i mbun sraith feabhsúchán a chur i bhfeidhm a dearadh lena chinntiú go leanann an tollán ag oibriú chuig na caighdeáin is airde.
Úsáidtear teicneolaíocht léasair agus aithint uimhirphláta chun feithiclí a phróiseáil níos sciobtha agus sreabhadh tráchta a fheabhsú sa chóras dola nua ag Tollán Bhaile Átha Cliath, arna dhearadh ag Arup agus an tionscadal á bhainistiú ag Egis. Cuireadh córas nua in ionad chóras SCADA (Córas um Rialú Maoirseachta agus Gabháil Sonraí) Thollán Bhaile Átha Cliath, trína ndéantar monatóireacht agus rialú ar phróisis agus ar threalamh, agus áirítear ann anois uathoibriú feidhmeanna cosúil le bainistiú teochta agus géarú aon saincheisteanna óna dteastaíonn ionchur ó rialaitheoirí daonna.
In 2022, athraíodh na soilse uile sa Tollán go soilse LED, próiseas inar athraíodh 1,800 bolgán solais agus a raibh laghdú 60% in úsáid fuinnimh a bhaineann le solas dá thoradh.
Dúirt Darragh O’Brien, an tAire Iompair: “Tá áthas orm aitheantas a thabhairt do bhronnadh an chonartha seo ag Bonneagar Iompair Éireann do Egis in Éirinn. Déanfaidh Bonneagar Iompair Éireann maoirsiú ar an gconradh seo thar ceann an stáit agus oibreoidh siad le Egis chun na seirbhísí uile a sheachadadh mar a comhaontaíodh. Píosaí ríthábhachtacha den bhonneagar náisiúnta iad Tollán Bhaile Átha Cliath, Tollán Jack Lynch agus gréasán mótarbhealaigh na tíre a rannchuidíonn le sábháilteacht fheabhsaithe ar bhóithre agus le fás eacnamaíoch agus iomaíochas na hÉireann. D’oibrigh Egis agus BIÉ le chéile chun uasghráduithe a shainaithint agus a chur i bhfeidhm chun oibríochtaí a fheabhsú agus astaíochtaí a laghdú. Áirítear anseo sraith uasghráduithe le déanaí ag Tollán Bhaile Átha Cliath, ónar theastaigh leibhéal breise dúnta le bliain anuas. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach úsáideoir bóthair agus páirtí leasmhar as a bhfoighne i rith an ama seo agus tá áthas orm a rá go bhfuil na hoibreacha críochnaithe anois agus go bhfuil sreabhadh tráchta feabhsaithe agus córais mhonatóireachta bhreisithe sa Tollán dá bharr. Tá sé deimhnithe ag Egis go bhfuil siad ar ais ar an sceideal cothabhála rialta agus go leanfaidh siad ag monatóireacht do mhórimeachtaí poiblí atá ag tarlú, ionas nach dtarlaíonn dúnadh tolláin ag an am céanna.”
Dúirt Pat Maher, Stiúrthóir Bainistithe Gréasáin BIÉ: “Tréaslaímid le Egis in Éirinn ar an gconradh seo a fháil agus táimid ag súil le hoibriú leo sna hocht mbliana romhainn. Comhpháirtí éifeachtach atá in Egis do BIÉ agus roinneann siad ár dtiomantas do ghréasán bóithre náisiúnta sábháilte agus éifeachtach a oibriú agus a chothabháil chuig an gcáilíocht agus an caighdeán inbhuanaitheachta is airde.”
Dúirt Steve Preece, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Egis in Éirinn: “Tá áthas orainn gur ghnóthaíomar an conradh chun na píosaí ríthábhachtacha den bhonneagar náisiúnta seo a oibriú, a chothabháil agus maoirsiú a dhéanamh orthu. Táimid inár maoir ar Thollán Bhaile Átha Cliath ó 2006 agus tá a fhios againn go bhfuil gá a chinntiú go n-oibrítear agus go ndéantar é a chothabháil chuig na caighdeáin is airde. Tá sraith uasghráduithe díreach críochnaithe againn ar Thollán Bhaile Átha Cliath, agus táimid muiníneach go gcinnteoidh sé go bhfanann sé mar chuid ríthábhachtach de ghréasáin bóithre na cathrach agus de chóras eacnamaíoch na tíre. Cuirimid na hardchaighdeáin chéanna i bhfeidhm le cothabháil agus oibriú Thollán Jack Lynch agus le monatóireacht ar ghréasán mótarbhealaigh na tíre. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le Bonneagar Iompair Éireann as muid a roghnú mar chomhpháirtithe agus táimid ag súil le leanúint lenár gcuid oibre don ghníomhaireacht.”