Conarthaí Sínithe le haghaidh Mhótarbhealach an M28 ó Chorcaigh go Rinn an Scidígh

Conarthaí Sínithe le haghaidh Mhótarbhealach an M28 ó Chorcaigh go Rinn an Scidígh

Shínigh Comhairle Contae Chorcaí an conradh chun Mótarbhealach an M28 ó Chorcaigh go Rinn an Scidígh a thógáil, atá ina chloch mhíle shuntasach i seachadadh an tionscadail bonneagair seo atá tábhachtach ar bhonn náisiúnta.

Tá an conradh tógála €206 milliún a síníodh inniu mar chuid de bhuiséad iomlán an tionscadail dar luach €456 milliún, lena n-áirítear maoiniú le haghaidh costais talún, réamhoibreacha agus bóithre faoisimh. Déanfaidh BAM 11km de mhótarbhealach príomhlíne a thógáil ó Acomhal Ghort na mBláth go Bearn na hÉille. Tá sé beartaithe na hoibreacha a thosú sna míonna amach romhainn agus táthar ag súil go mbeidh siad curtha i gcrích faoi shamhradh 2028.

Tacóidh an mótarbhealach, arna mhaoiniú ag an Roinn Iompair trí Bhonneagar Iompair Éireann (BIÉ), go díreach le forbairt leanúnach áiseanna domhainuisce Chalafort Chorcaí i Rinn an Scidígh, rud a éascóidh athlonnú na ngníomhaíochtaí calafoirt ó Tivoli. Nuair a bheidh sé curtha i gcrích, cuideoidh sé chun feabhas a chur ar inrochtaineacht ar mhol mór fostaíochta agus éascóidh sé iompar níos sábháilte agus níos éifeachtaí ó thaobh trácht tráchtála agus comaitéireachta de.

D’fhreastail an Taoiseach, Micheál Martin, an tAire Iompair, Darragh O’Brien, agus an tAire Stáit atá freagrach as Iompar Tuaithe, Jerry Buttimer, ar an searmanas sínithe i Halla Contae Chorcaí, ag cur béim ar thiomantas leanúnach an Rialtais do thacú le príomhbhonneagar iompair sa réigiún.

Dúirt Méara Chontae Chorcaí, an Comhairleoir Joe Carroll, “Is céim mhór chun tosaigh é an conradh a shíniú inniu maidir le bonneagar riachtanach a sholáthar a rachaidh chun tairbhe do mhuintir Chorcaí ach a chuirfidh le huaillmhianta eacnamaíochta agus iompair níos leithne na hÉireann chomh maith. Tá sé tráthúil ós rud é go bhfuil Lá Eorpach na Mara 2025 á óstáil i gCorcaigh an tseachtain seo, agus is iomchuí béim a leagan ar ról an M28 i mbonneagar muirí agus lóistíochta Chorcaí a threisiú dá réir.”

Dúirt an Taoiseach, Micheál Martin, “Tá an-áthas orm a bheith anseo le haghaidh shíniú an Phríomhchonartha Tógála don M28. Is cloch mhíle thábhachtach í do Chorcaigh agus d’Éirinn agus tá tógáil an uasghrádaithe bóthair bhunathraithigh seo faoi lánseol anois. Tá an M28 ina phríomhchuid de Thionscadal Éireann 2040. Neartóidh sé comhtháthú na hÉireann le calafoirt agus conairí trádála na hEorpa, ag tacú le hiomaíochas agus nascacht náisiúnta.”

Dúirt an tAire Iompair, Darragh O’Brien: “Tá níos mó i gceist leis an M28 ná bóthar amháin — is nasc ríthábhachtach é a spreagfaidh dul chun cinn eacnamaíoch. Is sampla soiléir é den chaoi ar féidir le beartas náisiúnta agus Eorpach ailíniú chun fíorfheabhsuithe marthanacha a sholáthar. Bainfidh muintir na háite tairbhe as agaí turais níos giorra, aer níos glaine, agus bóithre níos sábháilte.”

Dúirt an tAire Stáit atá freagrach as Iompar Tuaithe, Jerry Buttimer: “Mar TD i gCorcaigh Theas-Lár, tuigim an tionchar mór a bheidh ag an tionscadal seo ar phobail agus gnóthaí araon. Beidh mé ag súil leis na hathruithe dearfacha a fheiceáil nuair a bheidh sé curtha i gcrích go luath amach anseo.

Dúirt Alasdair Henderson, Stiúrthóir Feidhmiúcháin BAM Ireland, “Is tionscadal bunathraitheach é seo a chuirfidh le nascacht réigiúnach, a thacóidh le fás eacnamaíoch, agus a neartóidh ról na hÉireann i líonra iompair na hEorpa. Táimid bródúil as a bheith i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Chorcaí agus le Bonneagar Iompair Éireann chun an infheistíocht shuntasach seo i dtodhchaí iompair na hÉireann a sheachadadh. Léiríonn an tionscadal ár dtiomantas leanúnach do bhonneagar inbhuanaithe, réidh don todhchaí a thógáil a fhreastalaíonn ar phobail agus ar thráchtáil araon.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chorcaí, Moria Murrell, “Tá an tionscadal seo ina chuid ríthábhachtach den Chroíghréasán Tras-Eorpach Iompair (TEN-T), creat beartais an AE chun calafoirt agus moil mhóra lóistíochta a nascadh. Tacóidh an M28 le fás inbhuanaithe, cruthóidh sé poist, agus feabhsóidh sé nascacht lenár n-ionaid mhuirí agus tráchtála ríthábhachtacha.”

Dúirt Stiúrthóir Gníomhach an Chláir Chaipitiúil BIÉ Geraldine Fitzpatrick, “Is cloch mhíle mhór é an conradh a shíniú inniu chun an M28 ó Chorcaigh go Rinn an Scidígh a sheachadadh agus admhaítear leis an chomhiarracht a rinne gach duine a bhí páirteach ann. Trí thionscadal an M28 ó Chorcaigh go Rinn an Scidígh a chur i gcrích, cruthófar nasc mótarbhealaigh ardchaighdeáin le ceann de chalafoirt domhainuisce na hÉireann i Rinn an Scidígh, agus soláthrófar bealach taistil níos sábháilte do na húsáideoirí bóthair uile agus faoiseamh brú tráchta a bhfuil géarghá leis do chónaitheoirí agus do ghnóthaí araon. Cuirfidh sé nasc tábhachtach eile i gcrích sa Ghréasán Tras-Eorpach Iompair freisin.”

Tá oibreacha ar siúl cheana féin ar Bhóthar Faoisimh 1.5km Rinn an Scidígh, atá á sholáthar ag Sorensen Civil Engineering, chun tacú le rochtain eatramhach ar limistéar an chalafoirt.

Is féidir tuilleadh nuashonruithe ar dhul chun cinn Mhótarbhealach an M28 agus forbairtí bonneagair eile lena mbaineann i gContae Chorcaí a fháil ar shuíomh gréasáin Oifig Deartha Réigiúnach Chorcaí.