Leabhar nua ó BIÉ faoi fhionnachtana seandálaíochta ar an N2/M2 i gContae Bhaile Átha Cliath agus i gContae na Mí
Díreach in am don Nollaig, tá leabhar nua foilsithe ag Rannóg Seandálaíochta agus Oidhreachta BIÉ faoi fhionnachtana seandálaíochta tábhachtacha a rinneadh i rith Thionscadal Bóthair an N2/M2 idir Fionnghlas agus Cill Dhéagláin i gContae Bhaile Átha Cliath agus i gContae na Mí. Is é ‘Building on the Past: archaeological Investigations on the N2/M2 Finglas to Ashbourne Road Project’, le Finola O’Carroll, an cúigiú leabhar déag i sraith Oidhreachta BIÉ.
Sa leabhar seo, an ceann is déanaí sa tsraith, déantar taifead ar shaibhreas fionnachtana a rinneadh ar feadh chonair bhóthair nua an N2/M2, ó go luath i ré na réamhstaire go dtí ré na nua-staire—mar shampla imfhálú Neoiliteach ag Cill Sheáin, áit ar maraíodh líon mór eallaí le haghaidh féasta deasghnách, bean ón Iarannaois a adhlacadh agus fáinní ar a ladhracha ag an Ráth, adhlacthaí daoine cromtha agus soithí bia leo ón gCré-umhaois i láithreán imfhálaithe le claí ag Baile Harlóg, agus feirmeacha ó ré na nAngla-Normannach sa Bhaile Trasna, i mBaile an Chócaigh agus in Muckerstown. Aon duine ar spéis leo forbairtí nua i seandálaíocht na hÉireann agus stair Chontae Bhaile Átha Cliath Thuaidh agus Chontae na Mí, bainfidh siad an-sult as an leabhar seo.
Is féidir an leagan den leabhar Building on the Past faoi chlúdach bog a cheannach ó Wordwell Books agus is féidir PDF saor in aisce den leabhar a léamh ar líne anseo. Tá comhad ePub inrochtana ar fáil freisin anseo.