Measúnacht Chuí – Comhairliúchán Poiblí

De bhun Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Éin agus Gnáthóga Nádúrtha), 2011, i gcás ina bhfuil sé de rún ag Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) plean a ghlacadh nó forbairt a dhéanamh a d’fhéadfadh tionchar suntasach a imirt ar láithreáin Eorpacha, ní mór dó rud darb ainm Measúnacht Chuí a dhéanamh. Is éard atá i Measúnacht Chuí ná measúnacht lena chinneadh cé acu a bheidh nó nach mbeidh drochthionchar ag plean nó tionscadal ar láithreáin Eorpacha, ar láithreáin iad atá roghnaithe chun cineálacha tábhachtacha flóra, fána agus gnáthóg a chosaint. Chun bonn eolais a chur faoi Mheasúnachtaí Cuí, ullmhaíonn BIÉ Ráitis Tionchair Natura (NISanna), ar tuarascálacha eolaíochta iad a dhéanann scrúdú ar an tionchar féideartha a d’fhéadfadh a bheith ag pleananna nó tionscadail ar na láithreáin Eorpacha sin. I gcás inar cinneadh go bhfuil gá le Measúnacht Chuí agus sula ndéantar cinneadh, ceanglaítear ar BIÉ leis na Rialacháin comhairliúchán poiblí a dhéanamh agus fógra maidir leis an bplean nó tionscadal beartaithe a fhoilsiú. Féadtar féachaint ar na fógraí, in éineacht leis na Ráitis Tionchair Natura agus faisnéis agus doiciméid ábhartha eile, a bhaineann leis na pleananna nó tionscadail bheartaithe, a bhfuil comhairliúchán poiblí á dhéanamh ina leith faoi láthair, ag na naisc chuí thíos. Tugann na fógraí faisnéis maidir leis an méid seo a leanas, i measc nithe eile: suíomh, cineál agus fairsinge an phlean/an tionscadail bheartaithe nó na bpleananna/na dtionscadal beartaithe; na cinntí féideartha; cathain agus conas aighneachtaí agus barúlacha a chur isteach; agus, cá háit, cathain agus conas is féidir féachaint ar na doiciméid.

D’fhéadfadh cuid den fhaisnéis atá sna Ráitis Tionchair Natura, i gcás ina gcuirfí ar fáil go poiblí í, caomhnú speiceas nó gnáthóg cosanta a chur i mbaol. Ar an gcúis sin, baineadh amach an fhaisnéis sin. Baineadh amach freisin sonraí pearsanta de bhun cheanglais an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí. Oibreacha ar N14, Droichead an Chabháin (Contae Dhún na nGall)

Oibreacha ar N14, Droichead an Chabháin (Contae Dhún na nGall)