Taisteal Gníomhach ar Bhóithre Náisiúnta
Tá BIÉ feasach freisin ar an ngá le háiseanna Taistil Ghníomhaigh (AT) a chur ar fáil ar an ngréasán Bóithre Náisiúnta, trasna an ghréasáin sin nó in aice leis, go háirithe i gceantair uirbeacha (limistéir fhoirgnithe, sráidbhailte, bailte agus cathracha).
Aithnítear an riachtanas seo inár straitéis don ghréasán Bóithre Náisiúnta, NR2040. Meastar go bhfuil feabhsú áiseanna Taistil Ghníomhaigh i gceantair den sórt sin ríthábhachtach chun rogha fhiúntach eile a fhorbairt le haghaidh turais ghairide (a d'fhéadfadh a bheith neamhghníomhach) feadh an ghréasáin Bóithre Náisiúnta; agus is féidir go laghdófaí an lorg carbóin oibríochtúil i gceantair uirbeacha.
Meastar go bhfuil gluaiseacht feadh agus trasna Bóithre Náisiúnta tábhachtach; agus pléitear sin faoi dhá phríomhthosaíocht infheistíochta: ‘Dícharbónú’ agus ‘Gluaiseacht Daoine agus Earraí i gCeantair Uirbeacha’.
Gealltanais a bhaineann le Taisteal Gníomhach
Tá roinnt gealltanas maidir leis seo in NR2040 freisin (tá na gealltanais go léir leagtha amach i gCuid 6 den straitéis), tá na gealltanais a bhaineann le taisteal gníomhach liostaithe thíos:
- Cuirfidh BIÉ réitigh idirmhódacha chun cinn a uasmhéadaíonn éifeachtúlacht fhoriomlán iompair i dtéarmaí bonneagair agus úsáid acmhainne. Mar shampla, taisteal gníomhach sábháilte a éascú feadh conairí Bóithre Náisiúnta a nascann le stáisiúin iarnróid agus bus.
- Breithneoidh BIÉ riachtanais gach úsáideora bóthair do gach tionscadal. Maidir le débhealaí uirbeacha agus mótarbhealaí atá ag gabháil i dtreo cathracha, oibreoimid le gníomhaireachtaí comhpháirtíochta chun iompar poiblí agus roghanna eile taistil ghníomhaigh ar ardchaighdeán a chumasú.
- I gcás ina dtógfar seachbhóithre, beidh gá le feabhsuithe ar an réimse uirbeach sa bhaile seachthreoraithe chun soghluaisteacht níos inbhuanaithe a chumasú.
- Aithníonn BIÉ gur féidir le mótarbhealaí uirbeacha gnóthacha, cuarbhóithre agus seachbhóithre baile a bheith ina dtimpeallachtaí naimhdeacha do choisithe agus do rothaithe ar mian leo dul trasna. Déanfaimid tionchair dheighilte ó Bhóithre Náisiúnta a aithint agus a réiteach.
- Tacóidh BIÉ le soláthar bonneagair taistil ghníomhaigh leithscartha nó as líne in aice le Bóithre Náisiúnta.
Ba cheart do thionscadal nua ar bith a fhorbraítear faoi choimirce BIÉ aird a thabhairt ar na gealltanais sin. Táimid bródúil freisin as scéimeanna maithe a mhaoinigh muid le déanaí amhail N59 Conairí na Mala Raithní, N76 Gráinseach Mhóicléir, i measc roinnt feabhsuithe sábháilteachta agus nascachta eile le déanaí. Chuige sin, táimid ag éirí níos gníomhaí sa réimse seo; agus le déanaí bhíomar ag tabhairt faoi rannpháirtíocht níos fairsinge le hÚdaráis Áitiúla chun suíomhanna agus deiseanna a aithint inar féidir tuilleadh feabhsuithe Taistil Ghníomhaigh a dhéanamh i limistéir fhoirgnithe.
Scéimeanna Taistil Ghníomhaigh
N59 Conairí na Mala Raithní
Sráidbhaile tuaithe is ea an Mhala Raithní, Co. Mhaigh Eo atá suite ar bhóthar náisiúnta an N59, cuid de Shlí an Atlantaigh Fhiáin aitheanta. D'aithin Comhairle Contae Mhaigh Eo, Oifig Bóithre Náisiúnta Mhaigh Eo (NRO) agus Bonneagar Iompair Éireann an gá atá le feabhsuithe sábháilteachta ar bhóithre sa sráidbhaile. Ina dhiaidh sin, forbraíodh Ráiteas Dearaidh Sráidbhailte arb ionann é agus cur chuige comhoibríoch agus rannpháirteach i leith dearadh sráidbhailte.
D'oibrigh an NRO i gcomhar le grúpaí pobail, úinéirí talún, pleanálaithe agus ailtirí chun sábháilteacht ar bhóithre agus feabhsuithe ar an réimse poiblí a sheachadadh, agus 'Promanáid na Mala Raithní' mar thoradh air. Cuimsíonn Promanáid na Mala Raithní, a osclaíodh go hoifigiúil in 2015, cosáin, rotharbhealach (a nascann le Glasbhealach Mór an Iarthair), saoráidí bus agus spás poiblí ar ardchaighdeán agus is príomhshampla é chun buntáistí sábháilteachta a sholáthar d'úsáideoirí bóthair chomh maith le buntáistí d'iompar inbhuanaithe agus do mhodhanna taistil ghníomhaigh.
N76 Gráinseach Mhóicléir
Sráidbhaile gleoite i gContae Thiobraid Árann is ea Gráinseach Mhóicléir nach bhfuil ach 2 km siar ó dheas ó Thigh na Naoi Míle feadh an N76. I measc na bhfeabhsuithe a rinneadh le déanaí ar an gcuid seo den N76 tá athdhromchlú ar an mbóthar, cosáin an tsráidbhaile a uasghrádú agus a leathnú, spásanna páirceála soiléire a chruthú, leithead an charrbhealaigh a laghdú go 6.5 méadar comhsheasmhach le trácht a mhoilliú, agus gach acomhal agus pointe rochtana i nGráinseach Mhóicléir a athdhearadh.
Áiríodh leis an tionscadal freisin ráillí nua do choisithe a shuiteáil ar an droichead thar an Loinneán, an córas draenála a uasghrádú le go mbainfear an uisce dromchla níos tapúla, trasnuithe do choisithe a fheabhsú, agus pábháil thadhlach a chur ag príomhphointí.