Gréasán Náisiúnta Raonta Rothar

Tá an Gréasán Náisiúnta Raonta Rothar (NCN) comhdhéanta de 85 chonair ar fud thart ar 3,500km agus nascann sé le breis is 200 lonnaíocht, agus daonra iomlán is mó ná 2.8 milliún duine ann. Le 80% de theaghlaigh agus 89% de phoist suite laistigh de 5km ón ngréasán, soláthraíonn sé leibhéal nascachta náisiúnta den scoth.

Chomh maith le cur le gealltanais na hÉireann maidir le hinbhuanaitheacht agus dícharbónú, soláthróidh cur i bhfeidhm rathúil an Phlean NCN go leor buntáistí do rothaithe agus do phobail ar fud na hÉireann, lena n-áirítear:

Ensuring delivery of high-quality cycle network

Trí sheachadadh gréasáin raonta rothar ar ardchaighdeán a chinntiú, cuirfear sábháilteacht, compord agus rannpháirtíocht mhéadaithe sa rothaíocht chun cinn.

Improving sustainable connectivity

Nascacht inbhuanaithe a fheabhsú go náisiúnta trí naisc a sholáthar le gréasán eile ar nós CycleConnects, Eurovelo agus gréasáin Thuaisceart Éireann.

Improving public health

Sláinte an phobail a fheabhsú trí na buntáistí atá doiciméadaithe go maith a bhaineann le níos mó taisteal gníomhach.

Guiding how local authorities prioritise investment in cycling infrastructure nationally.

Treoir a thabhairt maidir leis an gcaoi a dtugann údaráis áitiúla tús áite d'infheistíocht i mbonneagar rothaíochta go náisiúnta.

Making use of existing infrastructure

Úsáid a bhaint as bonneagar atá ann cheana nuair is féidir, lena n-áirítear glasbhealaí, bonneagar bóithre, agus bóithre dí-rúnaicmithe, áit ar féidir eispéiris rothaíochta shábháilte agus iomchuí a bhaint amach.

 

Léarscáil den Ghréasán Náisiúnta Raonta Rothar

Ailíníonn an NCN le clár CycleConnects an NTA de ghréasáin raonta rothar uirbeacha agus ar leibhéal contae i gcéimeanna éagsúla forbartha.

Aithníodh trí chineál leathan nód, nó limistéar, chun iad a chur san áireamh sa NCN, mar a leanas:

  • Príomhnóid: Cathracha agus / nó bailte móra a bhfuil daonra os cionn 20,000 duine iontu.​
  • Nóid thánaisteacha: Bailte meánmhéide ina bhfuil daonra idir 10,000 agus 20,000 duine, agus nithe móra is díol spéise do thurasóirí lasmuigh de cheantair uirbeacha.​
  • Nóid eile: Bailte beaga agus lonnaíochtaí ina bhfuil níos lú ná 5,000 duine, agus cinn scríbe straitéiseacha ar nós moil iompair, ionaid oideachais agus fostaíochta.
aecom tii report graphic design national cycle network plan

Cuimseoidh an gréasán naisc rothaíochta chuig moil iompair, ionaid oideachais, ionaid fostaíochta, cinn scríbe fóillíochta agus turasóireachta, agus tacóidh sé le seachadtaí rothair “an míle deireanach”.

  • Feidhmeoidh an NCN mar an croíghréasán a nascann bailte, cathracha agus cinn scríbe ar fud na hÉireann.
  • Tá an NCN atá beartaithe thart ar 3,500 km ar fad.
  • Nascfaidh an NCN os cionn 200 cathair, baile agus sráidbhaile.
  • Comhtháthóidh an NCN le bonneagar rothaíochta eile, lena n-áirítear Eurovelo, glasbhealaí, gréasáin réigiúnacha agus uirbeacha.