Glasbhealaí, Taisteal Gníomhach agus Gréasán Náisiúnta Raonta Rothar
I mí Mheán Fómhair 2021, tháinig BIÉ chun bheith ina údarás formheasa do ghlasbhealaí thar cheann na Roinne Iompair. Tá BIÉ ag infheistiú €60m in aghaidh na bliana i nglasbhealaí, i ngréasáin náisiúnta raonta rothar agus i dtaisteal náisiúnta gníomhach ar bhóithre suas go dtí 2030, ag tacú le húdaráis áitiúla 990km den Ghréasán Náisiúnta Raonta Rothar a sheachadadh, mar aon le tionscadail roghnaithe eile taistil ghníomhaigh agus glasbhealaigh.
Sholáthraíomar 36km de ghlasbhealaí in 2023. Tá 53.2km eile de ghlasbhealaí á dtógáil i ndeich dtionscadal dhifriúla. Fuarthas maoiniú i gcomhair 41 tionscadal taistil ghníomhaigh (le haghaidh oibreacha pleanála agus dearaidh) in 2023. Cuireadh 18.5 km sa bhreis de rotharbhealach scartha i gcrích feadh mórthionscadail agus miontionscadail bóithre.