Is gníomhaireacht stáit í TII faoi choimirce na Roinne Iompair, a oibríonn ar leibhéal náisiúnta agus réigiúnach araon, i gcomhpháirtíocht le hÚdaráis Áitiúla maidir le bóithre náisiúnta agus féarbhealaí, agus leis an Údarás Náisiúnta Iompair (NTA) maidir le hiarnród éadrom agus meitreo.
Bunaíodh TII trí chumasc idir an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta (NRA) agus an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród (RPA) faoi Acht na mBóithre 2015, agus bunaíodh é chun gréasáin iarnróid éadroim agus bóithre náisiúnta atá sábháilte agus éifeachtach a sheachadadh agus a oibriú.
In 2021, tarmligeadh feidhmeanna breise do TII maidir le taisteal gníomhach agus féarbhealaí.
Ag TII táimid ag tógáil geilleagar níos inbhuanaithe agus cáilíocht beatha níos fearr do gach duine. Chun níos mó a fhoghlaim faoinár n-eagraíocht agus faoin obair luachmhar a dhéanaimid chun daoine agus earraí a choinneáil ag gluaiseacht go sábháilte agus go hiontaofa gach lá, cliceáil ar ár bhfíseán faisnéise thíos.
Chinn Bonneagar Iompair Éireann go bhfuil gá le Measúnacht Chuí maidir le hoibreacha droichid beartaithe i mbaile fearainn Ghleann Bhaile Uí Mheirgin i gContae Cill Mhantáin. Is éard atá sna hoibreacha seo ná deisiú sciúrtha ar ghrinneall na habhann ag an taobh de naprún coincréite Dhroichead Bhaile Uí Mheirgin atá i dtreo bhéal na habhann. Sula gcinntear go bhfuil gá le Measúnacht Chuí, ceanglaítear ar BIÉ leis an reachtaíocht is infheidhme tabhairt faoi chomhairliúchán poiblí agus fógra maidir leis an tionscadal beartaithe a fhoilsiú.
Cliceáil anseo chun tuilleadh sonraí a fháil
De réir na Treorach maidir le RISM (Airteagal 5) agus Straitéis Rialtas na hÉireann um Shábháilteacht ar Bhóithre (Plean Gníomhaíochta Chéim 1 2021 go 2024 – Gníomh 1), tá measúnú ar shábháilteacht ar bhóithre ar fud an ghréasáin (NWA) ullmhaithe ag Sábháilteacht ar Bhóithre BIÉ do chodanna tuaithe de phríomhbhóthar náisiúnta na hÉireann. Is é cuspóir an NWA ná an gréasán bóithre a rangú i leibhéil sábháilteachta. Tabharfar tús áite do na codanna sin nach bhfuil rátálacha sábháilteachta maithe acu le go ndéanfar iniúchtaí dírithe orthu maidir le sábháilteacht ar bhóithre, agus nuair is gá, idirghabhálacha cuí.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin NWA, cliceáil anseo.